Beidh Acht na Gaeilge ann – Empey

Tá sé ráite ag Reg Empey, ceannaire an UUP (atá in ainm is a bheith ‘measartha’), go nglacann sé leis go mbeidh Acht Ghaeilge ann.   Dar leis an Tiarna Reg agus é ag labhairt ag an diospóireacht Chomhthionóil inniu (Déardaoin), bainfidh an reachtaíocht le ceisteanna ‘reserved’ ar nós Craoltóireacht (maoiniú na Craoltóíreachta Ghaeilge, cúramaí an BBC i leith na Gaeilge) agus, fan le seo, poilíneacht agus dlí agus cirt (úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, úsáid na Gaeilge san Seirbhís Poilíneachta).  

Fhaid is atá poilíneacht agus dlí agus cirt faoi smacht Londain, tá an deis ag Sinn Féin brú a chur ar Rialtas na Breataine an Ghaeilge a chur in áit larnach sna réimsí sin.  Cuirfidh sin brú ar an DUP glacadh le cumhachtai poilíneachta agus dlí agus cirt i mBéal Feirste ar eagla na Gaeilge.  

Is deis íontach é seo ag Sinn Féin bua suntasach a bhaint amach don Ghaeilge agus an DUP a chur ar an gcúl chos.     

Aon tuairim amháin ar “Beidh Acht na Gaeilge ann – Empey

  1. séamus Mac Seáin

    dar ndó thug Gregory Cammpbell an téitheach do thús maith Peter Robinson nuair a dúirt sé go dúshlánach ar an teilfís
    gur cheart do dhaoine a thuiscint nach raibh Act Gaeilge ann go dtí seo agus nach mbeadh a choíche.Tá Gregory Campbell á thuar mar an chéad Aire Cultúir eile i réimeas nua Robinson!!.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s