Gradaim na Gaeilge á reachtáil ag Lá Nua

Inniu i Lá Nua tá fógra iomlán leathnaigh ann ag déanamh cur síos ar oíche mór ‘carbhat dubh’ atá le reachtáil in Ostán na gCeithre Shéasúr i mBaile Atha Cliath i mí Dheireadh Fómhair.   Ag an oíche sin fógrófar rogha an nuachtáin le h-aghaidh buaiteoirí Ghradaim na Gaeilge. 

I bhfianaise chomh maith is ar eirigh leis na Gradaim Barr 50 le cúpla bliain anuas, níl aon chúis nach n-eireodh go maith leis na Gradaim seo. 

Tá gradaim le bronnadh sna réimsí seo i leanas: 

  • Gradam Ealaíon
  • Gradam Oideachais
  • Gradam Gnó
  • Gradam Pobail
  • Gradam ‘Leabhar na Bliana’
  • Gradam ‘Scannán/Clár na Bliana’
  • Gradam Pearsa na Bliana

Faoi láthair tá urraithe á lorg ag Lá Nua le h-aghaidh na h-ocáide.  Is féidir leat, ar son €10,000, bheith id urra phlatanaim agus ar a shon sin is tusa a bhronnfaidh an Gradam “Pearsa na Bliana”.  Beidh cead cainte agat ag an ocáid seo agus, le cois sin, beidh deis agat cuireadh a thabhairt dod chliaintí freastal ar an ocáid ag do bhórd. 

Tá a thuilleadh i gceist, cinnte.   

Mas féidir leis an ocáid seo duine eigean ar nós an Taoiseach a mhealladh chun na gradaim a bhronnadh nó labhairt ag an ocáid, beidh leis.   Meallfaidh sin an urraíocht cuí, gan amhras. 

Cé go bhfuil roinnt mhaith gradaim ann theana féin le h-aghaidh réimsí éagsúla den chultúr Ghaelach – bronntar Gradam “Leabhar na Bliana” ag Oireachtas na Samhna agus tá duaischiste an mhór ann le h-aghaidh sin – níl aon ocáid ann ag a mbronntar scóp seo na ngradaim faoi aon dhíon amháin.   Le cois sin, anuraidh, ag an Oireachtas i gCathair na Mart, bronnadh an gradam le h-aghaidh Leabhar na Bliana i gcúl sheomra in ostán sa bhaile.  Ba cheart go mbeadh an ocaid sin ar cheann de na príomh imeachtaí ag an Oireachtas agus ná beadh aon cheist faoi ach go mbeadh oíche ‘Carabhat Dubh’ ann.    Ba cheart go mbeadh ort ioc as na ticéid – agus ioc go daor astu – chun a bheith i láthair ann agus go mbeadh an ocáid ina sheó chása le h-aghaidh na leabhair Ghaeilge is fearr a fhoilsíodh le linn na bliana.  

Má tá aon chiall ag Foras na Gaeilge, atá cúram Bord na Leabhair Ghaeilge orthu anois, cinnteoidh siad gur ag ocáid Lá Nua a bhronnfar a ngradaim i mbliana. Is é an ocáid Gradaim na Gaeilge an cineál ocáide atá tuillte ag foilsitheoireacht na Gaeilge. 

Mar fhocal scoir ar an abhar seo go fóíll, céard é bhúr mbarúil faoi phearsa na bliana?   Cé h-é nó cé h-í an duine is mó a chuidigh leis an Ghaeilge i gcaitheamh 2008, go dtí seo?  

Des Bishop

Brian Cowen

??????????????

3 thuairim ar “Gradaim na Gaeilge á reachtáil ag Lá Nua

  1. séamus Mac Seáin

    gradam romhaim,gradam i mo dhiaidh,
    gradam ós mo cheannsa agus gradam fúm,
    gradam ar mo láimh dheas agus gradam ar mo láimh chlé, gradam ar bhéal gach duine thart orm,
    gradam ar mo náimhde agus gradam ar mo cháirde
    gradam ar mo mhac
    agus gradam ar mo uncail agus ar mo aintin chomh maith

    carbhat dubh agus culaith mhoncaí daoibh go léir a cháirde gaeil.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Gan aon amhras, a Shéamuis, tá an ceart agat bheith amhrasach seo faoi ghalar na ngradaim. Nuair a bhronntar an iomarca gradaim, cailleann siad luach.

    Ag an am chéanna, nior cheart gradaim a bhronnadh i gcúl seomra ostáin. Ba cheart go mbeadh gleo mór faoi ghradam ar nos Leabhar na Bliana. Má tá tú le gradam a bhronnadh, dein i gceart é. Is é sin an fath go bhfuil mé ar shon na gradaim seo atá molta ag Lá Nua.

    Chreid mé le tamall go raibh Gradam Aislinge na Gaeilge caillte ar an oíche mhór sin agus is cuimhin liom a mholadh go mbeadh a leitheid seo go maith. Mar sin féin nior chreid mé go dtarlódh sé.

    Mór an trua afach nach bhfuil ainm níos spreagúla ná Gradaim na Gaeilge orthu mar atá ar Ghradaim na hAislinge. Gradaim an Dóchais b’fheidir?

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    a choncubhair chóir

    ní i gcoinne gradaim atáim ach i gcoinne an ” mór is fiúachas” a bhaineann leis na h ócáidí seo uilig .10,000 euro le cead bronnta a bheith agat.murar sin stríapachas ní lá (magadh ar bith i gcéist) go fóill é.An gcaithfidh sinn a bheith go síoraí ag sodar i ndhiaidh na n uasal.Amharc sinn agus an dóigh a dtáinig muid aníos sa saol. Tá muid anois i láthair lucht an tí mhóir. ah ” dá dtágaidis a’s go gcácaidis ar lucht na bhféistí bán” mar a dúirt an file fadó

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s