Géarchéim ag dul i ngéire

Is cosúil go bhfuil an géarchéim [géarchéim? cén géarchéim?] maidir leis na h-institiuidí ó thuaidh ag dul i ngéire.   Cé go bhfuil an DUP ag maíomh nach bhfuil ann ach blustar agus bladar ag Sinn Féin, ceapadh Jeffrey Donaldson aréir le bheith ina Stiurthóir Toghcháin ag an bpairtí.   

Tá roinnt tuairiscí sna nuachtáin ar maidin a thacaíonn leis an léargas seo – ceann acu ag Gerry Moriarty san Irish Times ag maíomh go bhfuil SF ag imirt dreas de ‘Call My Bluff’?  An áit a theipeann ar Moriarty ina alt ná an claonadh atá aige féachaint isteach i gcroithe an phobail agus a bharúil féin a fheiceáil ann.   Dar leis: 

Such brinkmanship seems out of kilter with the current rather mellow political zeitgeist in Northern Ireland, a needless throwback to the high-wire negotiations that were endlessly happening before Sinn Féin and the DUP achieved a pragmatic arrangement in March last year.

The fact is, having come this far, most people think Gerry Adams and Peter Robinson should continue being pragmatic and strategic in their approach to sort out their own problems, rather than running to the British prime minister and engaging in risky games of call my bluff.

B’fheidir go bhfuil an ceart ag Professor Moriarty.   B’fheidir áfach go bhfuil Sinn Féin ag tapú na deise a chur in iul do Pheter Robinson go gcaithfidh sé a chuid údaráis a thuilleamh agus nach mbeadh toghchán díreach chomh maith ag an DUP agus Robinson chun tosaigh, mar a bhí Paisley roimhe, seachas ag stiuradh cúrsaí ó chúl seomra eigean.   Níl aon amhras go bhfuil easpa ‘je ne sais quois’ ar Robinson – níl pearsantacht aige a mheallann daoine.  Agus deirim sin mar dhuine ar labhair leis trath – b’fhearr liom am a chaitheamh le nathair nimhneach chantalach. 

Is céim chun tosaigh don Ghaeilge an géarchéim seo freisin.  Den chéad uair i mo chuimhne tá an Ghaeilge agus géarcheim pholatúil á lua in aon ailt.

Mr Adams is annoyed because he feels the DUP is rubbing Sinn Féin’s noses in a political mess.

The DUP – at least not at the moment – won’t accede to the devolution of justice powers to the Northern Executive, although here there are hints of a possible compromise; the DUP is refusing to implement an Irish language Act; the DUP is giving Sinn Féin Education Minister Caitríona Ruane a hard time on the vexed subject of what should replace the Eleven Plus transfer test; sections of the DUP are baulking at the prospect of a Maze stadium, because it would also include a conflict transformation centre, which they interpret as a republican shrine to the hunger strikers.

The only significant retort Sinn Féin has is to threaten the Northern Executive and Assembly – the very powersharing administration which for years it had been trying to cajole the DUP into joining.

Sin dul chun cinn duit.   I bhfianaise an athrú aeráide ó dheas maidir leis an teanga – téamh teanga a thugaim air – tar éis ardú céime Bhrian Cowen, an féidir go bhfuil Sinn Féin ag smaoineamh ar seo agus iad ag cur na teanga i gcroí lár na gcainteanna ó thuaidh?

Caol seans go fóill go mbeidh toghchán ann an iarraidh seo – ach neosfaidh an aimsir.  Is cluiche contúrtach atá á imirt ag SF mura bhfuil sé i gceist acu na bagairtí a chomhlionadh.  Agus is cluiche baolach é freisin acu san a dheineann beag den chaismirt seo nó gach seans go gcuirfidh sin iachaill ar an bpairtí seasamh sa bhearna baoil…..

Aon tuairim amháin ar “Géarchéim ag dul i ngéire

  1. Ping: ‘Géarchéim’ thart, is cosúil « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s