Athrú? Cén athrú?

Athrú poirt Obama?

Is minic é ráite faoi Barack Obama gurb é an rud is mó a mheall daoine chuige go raibh sé ina ‘athrú’ ón ghnath pholaiteoir.  Thuig sé go raibh athrú de dhíth – agus mar sin de b’shin a theachtaireacht. 

Anois agus é ainmnithe, an chéad duine de shlioct Afraiceach chun a leitheid seo de ghradam a bhaint amach, le bheith ina iarrthóir do na Daonlathaigh, tá sé ag rá go mbeidh sé ina ‘chara mór ag Iosrael’ má thoghtar é. 

I bhfianaise go gcreideann trachtairí aitheanta ar nós Robert Fisk gurb é an ‘caidreamh speisialta’ idir SAM agus Iosrael ceann de na mór fhadhbanna sa Mheán OIrthear, ní doigh liom gur aon chuidiú é oráid Obama níos luaithe inniu. 

Ní shéanaim go bhfuil an ceart ag Iosrael cosaint a dhéanamh uirthi féin ó naimhde thart timpeall uirthi, go h-áirithe an Iaráin, ach ní chreidim ach an oiread gurb é cosaint Iosrael an t-aon deacracht sa reigiún.  Caithfidh Iosrael féachaint chuige nach bhfuil éagóir á dhéanamh aici ar na Pailistínigh agus caithfear brú ar aghaidh le h-aitheantas ceart mar náisiún neamhspleach a thabhairt don Phailistín.   Tá gá ann go ndéanfaí cosaint ar an dtír sin fosta….

 

Aon tuairim amháin ar “Athrú? Cén athrú?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s