‘Géarchéim’ thart, is cosúil

Tá deireadh leis an ‘ngéarchéim’ sa phroiseas pholatúil ó thuaidh, is cosúil.  Tar éis cúpla lá cainte idir SF agus an DUP, tá sé socruithe go n-ainmneofar Peter Robinson agus Martin McGuinness don Chéad Aireacht.  

Leanfaidh cainteanna ansin go ceann cúpla lá faoi na céisteanna atá gan reiteach – ar nós poilíneacht agus dlí agus cirt, Acht na Gaeilge, an Staid ag an gCeis Fhada is eile.   

An t-aon solás as seo ar fad – beidh deireadh le ré na cabóige ag an Roinn Cultúr, Ealaíon is Foilliochta.  Ceaptar anois gur doichí go n-ainmneofar Sammy Wilson teacht i gcomharbacht air – mar a deirtear tá an cabóg marbh, gura fada buan an chabóg!   

Ar cheist na Gaeilge, b’fhearr do Shinn Féin rud eigean a fháil mar thoradh ar a gcuid geaitsí.   Síneadh ama don Chiste Craoltóíreachta ar a laghad…..

2 thuairim ar “‘Géarchéim’ thart, is cosúil

  1. Ian Cussen

    Molaim thú a Chonchubhair,dea obair ar bun mar is gnáth.
    Céard faoi an ruaig a chuir ar an focal blag agus focal ón nua is ón sean a úsáid?
    Séard is brí le ‘blog’ ná ‘web log’ ar nós ships log 7rl.
    An ghaeilge a bhíodh ar a leithéid ná ‘cinn lae’
    Mar sin céard faoi Cinn Líon a thabhairt ar web log s seo amach?
    Ná bímís teoranta ar fhuimniú Ghaeilge a chuir ar chuile focal béarla a brúitear orainn.

    Mise le meas
    Ian cussen

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Déanfaidh mé mo mhachnamh air. Cad faoi cinn lae idirlíne? Ní thuigim ‘Cinn Líon’ – ní fhuaimníonn sé mar is ceart nuair a deirtear é.

    Ar ndoigh tá an baol ann go bhfuil sé fánach bheith ag troid in éadan focail ar nós ‘blag’ atá theana féin buanaithe sa chaint, nach mór…. Ach déanfaidh mé mhachnamh air.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s