Cén fhoireann lena n-imreoidh mo mhac – nó m’iníon? Thuaidh nó theas?

Tá aighneas ann le tamall faoi na rialacha maidir le h-imirt d’fhoireann idirnáisiúnta sacair ar an oileán seo. 

Tá teannas ann riamh idir foireann agus lucht tacaiochta Phoblacht na hÉireann agus a gcomh-ionann ó thuaidh, foireann idirnáisiúnta na sé contae    Chonacthas an teannas sin go soiléir oíche i mí na Samhna i 1993 nuair a d’imir foireann na Poblachta an Tuaisceart i mBéal Feirste i gcomórtas cáilithe Chorn an Domhain.  Chriochnaigh an cluiche ar chomhscór, 1:1, agus cháiligh Éire do na babhtaí ceannais i SAM an Samhradh dar gcionn.  An oíche céanna ar imir Éire an Iodáil sa chéad chluiche, bhuaigh siad an cluiche ach rinne dílseoirí ionradh agus rinne slad ar naisiúntóirí ag amharc ar an gcluiche ann. 

An léiriú is déanaí den teannas seo, bhain sé le cás Darron Gibson, stócach óg ón dtuaisceart ar theastaigh uaidh imirt leis an bPoblacht. Ní ró shasta a bhí muintir an IFA faoi seo agus rinne siad gearán le UEFA agus FIFA.   Ach theip ar a n-achainí de bharr go raibh cead ag Gibson pas Éireannach a bheith aige mar gheall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus, le cois sin, gur rugadh a thuismitheoirí ó dheas. 

Ag an deireadh seachtaine rialaigh FIFA go raibh rialacha nua ag cur srian ar imreoirí le naisiúnacht dúbalta imirt leis an tír inar saolaíodh iad nó inar chónaigh siad.   Shíl an IFA gur ionann seo agus bua acu.  Ach ní raibh rudai chomh simplí sin.   Nó de reir Alt 15 de bhunreacht FIFA: 

”Any person holding a permanent nationality that is not dependent on residence in a certain country is eligible to play for the representative teams of the Association of that country.”

De reir Comhaontú Aoine an Chéasta tá cead ag Tuaisceartaigh pas Éireannach nó pas Briotanach nó an bheirt a iompar.  Mar sin de creidim go dtugann an riail seo cead don Tuaisceartach imirt d’fhoireann an Tuaiscirt nó d’fhoireann an deiscirt, de reir mar is mian leo. 

Tá mac agus iníon agam féin atá suim acu i gcúrsaí spoirt.  Cá bhfios an n-imreoidh siad sacar riamh ag an libhéal sin – ach má imríonn, beidh an rogha acu.   Nílim chun brú a chur orthu – ach mura dtagann athrú ar chúrsaí an IFA, an bhiogóideachas frith náisiúnach frith Éireannach a léiríonn lucht tacaíochta na n-imreoirí, ní fheicim iad ag imirt d’fhoireann an Tuaiscirt…..

 

 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s