Domhnach na Fola agus an Sunday Times

Iomhá clúiteach ó Dhomhnach na Fola, an lá ar chaith saighdiúir piléir le saorannaigh a ‘dtr féin’

Tá an deireadh seachtaine fada nach mór thart agus tá súil agam go maithfidh sibh mo leisce dhom.  Le linn mo sheal le Lá Nua/Lá, mhothóinn go mbíodh an deireadh seachtaine fada níos giorra agam ná gach aoinne eile nó bhíodh orm bheith ar ais ag obair ar an Luan chun cinntiú go mbeadh eagrán ann ar an Mháirt. 

Mar sin an deireadh seachtaine seo, lig mé scith an deireadh seachtaine ar fad nach mór.   Mar sin féin seo mé ar ais ag an méarchlár am lón Dé Luain.   Bí ag caint ar an dturcaí fuar….

Ar aon nós, an rud atá ag doghadh na geiribe agam ná seo.   In alt in iris an Sunday Times inné, alt atá díreach léite agam, tá sé ráite go neamh bhalbh sa cheannlíne go bhfuil cáiníocóírí na Breataine thios £400m theana féin de bharr costas Bhínse Fiosruithe Dhomhnach na Fola. 

Deir sé seo sa cheannlíne: 

The Bloody Sunday Inquiry has taken eight years and has already cost you £400m. Most of the money went to the lawyers. No wonder Tony Blair kept quiet

Ach ansin, níos moille san alt, deir sé seo:

Official figures show that legal costs have swallowed more than half of the £181m spent up to the end of last year. The senior QCs alone have pocketed well over £20m, and the gravy train is still rolling. The final bill for Saville’s seemingly interminable investigation – which heard its last witness three years ago but continues to cost around £500,000 per month – seems certain to exceed £250m and could reach £400m, according to government sources, after the last of the lawyers’ invoices are settled.

Ar ndóigh, léiríonn sin nach bhfuil an £400m sin caite go fóill ná baol air – agus go bhfuil i bhfad le dul sara mbeidh.  Ach ní mór an méid seo a rá:  is iad Rialtas na Breataine agus an Roinn Cosanta féin an constaic is mó ar an fhírinne agus is orthu san ar cheart ualach is milean an chostais a thitim.   

Dá ndeirfeadh Rialtas na Breataine an chéad lá go raibh sléacht dochosanta déanta ar ‘shaorannaigh Briotanacha Dhoire’  agus go raibh siad chun an dlí a chur ar na saighdiúirí agus orthu san a thug na h-orduithe, bheadh an cás seo réitithe fadó.   

Ar ndoigh b’é pobal Dhoire agus na teaghlaigh a d’ioc an praghas ba chostasaí.  Doirteadh a gcuid fola ar shraideanna a gcathair dhúchais an lá sin.  Go fóill níl aoinne tar éis éiric a ioc as an sléacht sin agus is beag is fiú £181m nó £400m mar chúiteamh ar an sléacht a d’fhag 14 marbh agus go leor eile gortuithe. 

De reir dealraimh, bhí an t-iriseoir a d’ullmhaigh an alt seo don nuachtán míchlúiteach seo inné ina iriseoir don nuachtán trath an ama a tharla Domhnach na Fola.  Bhí ar fianaise a thabhairt ag an Bínse Fiosruithe – agus b’é a d’admhaigh sé ná raibh sé abalta an meid a chonaic sé a thabhairt chun cuimhne.  

I don’t remember. 

B’shin a dúirt sé mar fhreagra ar fhurmhór na gceisteanna.  Ar ndóigh. 

Múinfidh sin ceacht dom.  Má cheannaím scifeoga Briotanacha ar an Domhnach, céard eile ar cheart dom bheith bheith ag dréim leis!

 

3 thuairim ar “Domhnach na Fola agus an Sunday Times

  1. Fearn

    Cad tá ag déanamh scime duit?
    An drochbheart?
    An fiosrú?
    Costas an fhiosraithe?
    An nuachtán seo
    An tAlt seo?
    An t-iriseoir seo?
    Rud éigin eile?
    Gach rud?
    Agus a thuilleadh?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    An droch bheart, an nuachtán, an t-alt, an t-iriseoir, an bréag lom.

    Ní h-é seo an chéad uair do nuachtán Briotanach a leitheid a dhéanamh mar iarracht deireadh a chur leis an bhfiosrú áirithe seo. D’fheadfai deireadh a chur leis an bhfiosrú amarach dá n-admhófaí an droch bheart agus beartú dá réir – is é sin na saighdiúirí agus iad san a thug na h-orduithe a chur ar a dtriail. Má tá Rialtas na Breataine sásta an méid sin airgid a chaitheamh, caithfidh go bhfuil siad ag cosaint daoine ‘an luachmar’.

    Freagra
  3. Fearn

    Sin plaic mhór gan aon agó le díleá.

    Más buan mo chuimhne is foireann fhiosraithe an ST Shasana a chuir tús le nochtadh an scéil seo, ach beartas ar leith a bhí ag an nuachtán an t-am úd, agus úinéir eile. Is ar éigin a chuireann nuachtáin scéalta fiostaithe go doimhin i gcló anois. Tá an nós sin thart, ach bhí sé ag an ST.

    Ach tá tú ag súil le hadmháil? cé uaidh?

    Nach deis é seo, amhail gach cás cúirte is binse fiostaithe, le go gcloisfear gach taobh, nó go feicfear go bhfuil daoine ar a dtost, le go dtuigtear an phian i gcroí an phobail is an duine? Deis cur amach?

    Is annamh a ligeann rialtas rún, nó admháil a mbeadh siad síos leis, fiú más ar an bhfirinne é. Baineann rialachas le rialú seachas firinní (thart) a nochtadh.

    Seo deis a éisteachta ag pobal Dhoire Cholm Cille.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s