An Rogha Nuicléach ó thuaidh

Agus mé ag tabhairt faoi ndeara an slán fada a d’fhagadh le Ian Mór Paisley ag an deireadh seachtaine, agus an comharbacht ríoga a bhí á bheartú ag an DUP do Pheter Robinson, ionraitheoir Chluain Tiobraid, bhí mo chroí ag titim. 

Ach anois tá splanc dóchais ann.  Tá tuairiscí ann, is cosúil, go bhféadfadh Sinn Féin diultú Mhartin McGuinness a ainmniú mar Leas Chéad Aire. Os rud é gur chomh phost é an Chéad Aireacht, ní féidir duine amháin a cheapadh gan an duine eile.  Theipfeadh an proiseas ar fad, mura bhféadfaí leas Chead Aire a thoghadh ag an am chéanna leis an gCéad Aire. 

An iarmhairt ar sin – bhuel bheadh treimhse gairid fionraíochta ann chun deis a thabhairt do dhaoine an taispeach a bhaint diobh féin.  Ina dhiaidh sin bheadh cruinniú eile ann den Tionól agus deis eile ag na pairtithe teacht ar shocrú.  Dá dteipfeadh ar na pairtithe an uair sin, bheadh toghchán ann. 

Ar ndoigh is cluiche é seo atá á imirt ag Sinn Féin.  Ní doigh liom go bhfuil sé i gceist acu an rogha nuicléach a ghlacadh.  Tá siad ró cheanúil ar an gcumhacht.   Deirtear i dtuairiscí airithe go bhfuil siad dubh dóíte mar gheall ar an diultú cumhachtaí poilíneachta agus slándála a aistriú ar ais go Béal Feirste – agus deirtear i dtuairiscí eile nach mó ná sásta atá an phairtí faoin diultú ag an DUP don Acht Ghaeilge agus an sceannairt atá déanta ag Edwin Poots ar an gCiste Craoltóireachta. 

Beidh le feiceáil.  Tá sé in am do Shinn Féin cnamh droma a aimsiú agus dúshlán a thabhairt don DUP agus a bpolataíocht clochaoiseach.   An deacracht atá ann, dá fhad a luíonn an leoin leis an t-asal, is cosúlaí go n-eireoidh sé le dreancaidí.  Nó rud eigean den tsort sin. 

Dála an scéil – comhghairdeas le mo shean chara, Tom Hartley, an fear a chur mé in aithne dom’ bhean cheile.   Tá sé tofa ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste.  Is beag Sinn Féineach a rinne an oiread leis an bhfear seo chun siocháín agus athmhuintearais a chothú leis an dream ar an dtaobh eile….Maith thú Tom. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s