Glaoch i nGaoluinn ó Vancouver

Vancouver, An Cholóim Bhriotanach, Ceanada

Agus an lá oibre déanta agam inné agus mé agus mo bhean ag cur na páistí ina luí – proiseas fada inár dteach – tháinig glaoch guthán.    Fear darbh ainm Mícheál  O Ceallaigh a bhí ar an guthán agus bhí sé ag glaoch ó Vancouver. 

Ciarraíoch ó dhúchas é Mícheál ach tá furmhór a shaoil caite aige ar dheoraíocht óna fhód dhuchais, díreach taobh ó thuaidh de Lios Tuathail.  I 1960, tar éis roinnt blianta ag fánaíocht timpeall an Oirthir agus é ag obair ar bhórd loingeas mar innealtóir raidió, tháinig sé go Ceanada agus tá sé féin agus dearthar agus deirfiúr leis tar éis clainn a thogáil ann.  In áit a raibh triúr, anois bhí triocha+, idir páistí, gar pháistí agus eile.  Dar le Mícheál is áit álainn é Vancouver agus Ceanada agus tá sé an sásta ann. 

Rud amháin a mhothaíonn sé uaidh isea comhráití Ghaeilge le cáirde.  Tamall ó shin bhíodh suíomh acu i Vancouver, suíomh comhrá, ina mbíodh daoine ag cur in iúl go raibh siad sásta labhairt le duine eile i nGaeilge ag am áirithe ar skype nó ar an guthán nó ar IM.   Tá an suíomh sin fós ann ach níl sé chomh beo beathach is a bhíodh.   

Mar sin chuir Mícheál glaoch orm aréir.  De reir dealraimh bionn sé ag léamh iGaeilge gach lá agus taithníonn sé leis.  Chaitheamar cúpla nóiméad ag caint.  

Cúpla smaoineamh a rith liom.  Mhol mé do dul chuig An Líonra mar go bhféadfaí, táim cinnte, grúpa a chruthú ansin do dhaoine ar mhian leo a leitheid a bhí ag tarlú ar Comhrá a dhéanamh.   

Agus ansan dúirt mé leis go mbeinn féin ar fáil ar Skype.  Má tá suim ag aoinne bheith ag comhrá beo beathach i nGaeilge le Mícheál, b’fheidir go bhféadfaidís sonraí teagmhála a sheoladh chugham agus cuirfidh mé an t-eolas ar fáil do Mhícheál an chéad uair eile a dhéanfaidh sé teagmháil liom. 

Is deas liom go bhfuil tionchar iGaeilge ag síneadh chomh fada le Vancouver, cathair alainn deirtear.   

 

Aon tuairim amháin ar “Glaoch i nGaoluinn ó Vancouver

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s