Sex and the City agus séasúr na seafóide

Na cail�n� dána ó Sex & The City

 

Tá’s ag an domhan mhór fán dtrath seo go bhfuil scannán nua á thaispeáint i bpictiúrlannaí faoi láthair, leagan mór scáileáín den clár teilifíse ‘Sex and the City’, dráma a lean an saol a bhí ag ceathrar ban singil [nó leath shingil] i Manhattan.  Ceathrar ban a bhí an dúil acu i gcollaíocht agus i mbróga a bhí i gceist. 

Ní miste sin is dócha.  

Ach is miste liom go mór an poiblíocht leanúnach atá á thabhairt don scannán seo ar RTÉ agus ar na meáin clóite.   Taispeanadh an scannán i nGaillimh aréir agus bhí tuairisceoir ó Morning Ireland ann.   Tá deacracht eigean le dáíleadh an scannáin in Éirinn – agus tá scéal mór ar phríomh leathnach an Irish Times faoi! 

Léiriú cinnte go bhfuil séasúr na seafóide buailte linn go luath i mbliana.   

Ar ndóigh, tuigim fósta go bhfuilim féin páirteach sa seafóid seo tre bheith ag blagáil faoi.   Ach níl leigheas ar an scéal….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s