Mary Whitehouse agus an BBC

Julie Walters a ghlac páirt Mary Whitehouse sa scannán \'Filth\' ar BBC 2

Craoladh an scánnán “Filth – the Mary Whitehouse Story” – aréir ar BBC 2 agus cé tháinig mé chuige tar éis do tosnú, caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as.   Cé go raibh sé aerach bheith ag amharc ar an iomrascáil idir an mhúinteoir meanaicmeach seo ó Wolverhampton agus Sir Hugh Carlton Green, ard stiurthóír an BBC [agus dearthar Graham Greene] faoi cé acu an raibh na puipéadaí Pinky agus Perky ina droch shampla don aos óg lena díspeagadh do dhaoine fásta, bhí teachtaireacht ag an scannán seo freisin. 

Is minic don phobal Ghaeilge ó thuaidh is ó dheas bheith ag gearán faoin easpa riar a dheineann leitheidí an BBC agus RTÉ orthu.  Ach níor dearnadh an gearán riamh ar bhonn chomh eagraithe agus chomh dírithe agus a dhearna Mary Whitehouse é. 

Im shean shaol ba leirmheastóir teilifíse mé.  Níor mhaith liom go nglacfadh éinne uaim go bhfuil mé ag iarraidh bheith im chinsire.  Ach ag an am chéanna, tá tú i dteideal caighdeán áirithe seirbhíse. 

Tá sé thar a bheith éasca ag craoltóír gach aon sort ráiméis a chur ar an scáileán agus is cuma sa tsioc leo ach amháin go bhfaigheann siad fógróirí chun teacht ar bórd lena gcuid airgid.  Mas craoltóir náisiúnta tú, ar nos RTÉ agus an BBC, tá ról ceannaireachta agat.   Mas amhlaidh nach bhfuil rud ar bith le tairiscint agat ach bóthar na h-aimhleasa, an fiú don phobal an ról sin a fhagaint agat? 

Léirigh an chonspóid faoi iontráil RTÉ sa Chomórtas Eoraifíse an lúb ar lár seo.   Ar ndoigh b’iad na votairí, pobal na hÉireann, a roghnaigh Irlande Douze Points mar an iontráil.  Ach ba bheag an rogha a bhí acu nó ní raibh ach cúig amhrán leathbhacáilte i gcoinne an ‘amhrán’ sin agus chinntigh RTÉ go raibh gaoth na poiblíochta ar chúl Dustin, laithreoir dá gcuid féin. 

Tagann an chonspóid seo sna sála ar achrainn faoi High Society agus The Fairytale of Kathmandu, eachtraí a léiríonn easpa teagmhála eigean idir an pobal féachana agus an chraoltóir.  Easpa caighdeáin atá ag croí lár na faidbhe maidir le RTE.  B’fheidir go bhfuil gá le leithéid Mary Whitehouse, crosáidí atá ar son caighdeáin sa réimse chraoltóireachta seachas ar son na cinsireachta.   

Faigheann leitheidí RTÉ a dhothain ó chiste an cheadúnais chun go mbeadh orthu cloí le bun chaighdeáin éigean.  

Maidir leis an BBC – bhuel, tá a fhios againn an scéal ansin.  Tá Craoltóir Náisiúnta na Breataine ag creachadh an Chiste Chraoltóireachta ó thuaidh chun an líon céanna – nó níos lú – cláracha Ghaeilge a chraoladh.  [Níl a fhios agam an bhfuil Coiste Infheistíochta an Chiste ag tabhairt an creachadh faoi ndeara nó an bhfuil siad ró shona shasta ag suí ar a dtónacha ag fánacht le hEdwin Poots deireadh a chur lena ré].

An difir idir feachtas Mary Whitheouse agus feachtas na nGael ó thuaidh ná gur lean feachtas Whitehouse gan staonadh – bhí ar na saoistí aird a thabhairt di agus deirtear gur mar thoradh ar a cuid iarrachtaí ar bunaíodh Comhairle Lucht Féachana an BBC.    

Ní h-aon íontas go raibh – agus go bhfuil – an ghráin ag an BBC ar Mary Whitehouse.  Chuir sí iachaill orthu obair a dhéanamh ar son a gcuid airgid…..

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s