Mé-féineachas Shinn Féin agus Conradh Liospóin

Mary Lou agus Sinn Féin ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge?

Tá an diospóireacht faoi Chonradh Liospóin ag eirí níos teasai de reir mar atá an lá mór, 12 Meitheamh, ag teannadh linn.  Aréir ar Primetime, bhí diospóireacht idir Brian Lenihan, Aire Airgeadais, Brendan Butler ó IBEC (ar son an Chonartha) agus Declan Ganley (Libertas) agus Mary Lou McDonald (Sinn Féin), in éadan Liospóín. 

Ar ndóigh is féidir libh an diospóireacht a fheiceáil sibh féin agus bhúr mbreith féin a thabhairt.  Táim féin go fóill in amhras faoi chúrsaí. 

Cé go bhfuil go leor a deir Sinn Féin faoin Chonradh ag teacht le mo thuairimí féin air – sílim gur beag an chreidiúint atá ag dul don phairtí as ucht an seasamh atá á ghlacadh acu.  Creidim nach bhfuil rud ar bith i gceist ag SF ach bheith i mbun feachtais chun suiochán Mary Lou McDonald i dtoghcheantar Bhaile Atha Cliath a chosaint in am mhaith don toghchán Eorpach an bhliain seo chugainn.  Tugaim faoi ndeara í ag caint ar réimeas cánach na hÉireann a chosaint ó bhaol go n-athródh Aontas na hEorpa í thar ár gcinn – ach ansan tugaim chun cuimhne go raibh SF ar son an cháin chorporáideach a athrú iad féin roimh an toghchán an bhliain seo chaite.   Labhrann SF faoi neodracht – ach ag an am chéanna, tá Martin McGuinness ar thús cadhnaíochta ó thuaidh ag cur fáilte roimh George W. Bush, Uachtarán bhacach Mheirceá, go dtí an tuaisceart go luath, ar chamchuairt ‘fágáíl slán’.  Tá súil agam go bhfagfaidh sé slán sinn!

Tugaim faoi ndeara, ach ní chuireann sé íontas orm, nach bhfuil postaer amháin i nGaeilge, nó focal Gaeilge taobh amuigh de Sinn Féin ar an bpostaer atá ann, ag Sinn Féin.  I bhfianaise go bhfuil sé geallta ag an bpairtí le cúpla bliain anuas go bhfuil siad ag iarraidh an pairtí a Ghaelú, tá sin domhaite.  Fiú ní iarrtar orainn ‘Votáil Níl’, an sean manna ar shean postaeirí SF.  Tá deireadh le ‘votáil’ ag SF is cosúil!

Ní ar shon SF a chaithfinn vóta in éadan an chonartha seo.   Ní ar son Libertas ach an oiread.  Ní cáirde na Gaeilge iad ach an oiread le Sinn Féin. 

Níl ceist na neodrachta ag déanamh tinnis do Libertas – agus ní dócha go mbeifeá ag súil lena leitheid ó Libertas i bhfianaise go bhfuil ceangal nach beag – ceangal brabhúsach – le forsaí Mhileata Mheircea.  Ceangal é seo ar tugadh chun solais ar Indymedia agus ar an suíomh seo roinnt seachtainí ó shin – agus atá anois i mbéal an phobail. 

Ar aon nós, tá sé le rá faoi Fhianna Fáil go bhfuil postaeir Ghaeilge dá gcuid feicthe agam.  Ar an dtimpeallán taobh ó thuaidh de Bhaile Mhistéala i gContae Chorcaí, tá dhá nó thrí phostaer leis an manna i nGaeilge ; Leas na hÉireann, leas na hEorpa.  

Maith sibh as an ‘chúpla focal’ sin, a Fhianna Fáil.  Bhí pointe amháín le dealramh ag Brian Lenihan aréir le linn na diospóireachta.  Dar léis go bhfuil sé aisteach anois do lucht Ní hEa bheith ag caint amhail is go bhfuil an Eoraip i gcoinne na hÉireann.  Níl sin soiléir ón bhfianaise stairiúil.  Ar ndoigh tá buntaiste na billiún Euro faighte ag an dtír seo de bharr an Aontais.  Ní h-é nach bhfuil lochtanna ar an Aontas – ach fiú má tá deireadh leis an veto ar cheisteanna áirithe, nár cheart duinn comhghuailliochtaí a thógáíl le tíortha eile san Eoraip ar son na nithe atá ar ár leas chomónta.   Nach é sin an bealach a n-oibríonn pholataíocht!

Tá tuilleadh le rá agam ar an abhar seo….ach ar ball.

 

4 thuairim ar “Mé-féineachas Shinn Féin agus Conradh Liospóin

  1. séamus Mac Seáin

    cá bith faoí Shinn Féin nó páirtí ar bith eile, shílinn féin gur droch rud amach ‘a amach é deireadh a bheith leis an veto, go háirithe ag na tíortha beaga.Go dtí seo d’oibrigh an córas Eorapach go réasúnta maith nó b’éigean comhréiteach agus comhthuischint
    a lorg i gcónaí ar chéisteanna tabhachtacha . sin fíor daonlathas .Má chuirtear deireadh leis an veto is dóigh liom nach fada go mbeidh deachtaireacht na dtíortha móra againn, rud a chothóidh eascairdeas agus amhras i measc na mballstát.An bhfuil sin lenár leas?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh tá an baol sin ann a Shéamuis – ach tuigeann tú féin gur claíomh é an ‘veto’ ar feidir leis tusa chomh maith le do cheile chomhraic a ghearradh. Tá ‘veto’ ag aondachtaithe ó thuaidh – agus tá feidhm bainte acu as go mion is go minic ar son bac a chur ar an nGaeilge is eile. Ní chothaíonn an ‘veto’ rud ar bith ach droch mhuinín agus iontaoibh. Má táimíd san Aontas Eorpach, bímis ann go h-iomlán agus ag a chroí, gan cós ann, cós as. An mbeidh deachtóireacht ann má chuirtear deireadh leis an veto? Ní chreidim go mbeidh – ach is cinnte nach fiú dul ar aghaidh leis an dtogra mura bhfuilimid chun a bheith páirteach ann go h-iomlán.
    Ar ndóigh, tá sibhse ó thuaidh tar éis glacadh leis an gConradh ar aon nós. [Ní h-é go raibh vóta agaibh air – nó fiú diospóireacht!]

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is mó muiníne atá agat as na tiortha móra na atá agamsa. Is tiortha iad sin atá préabhaíthe san impiriúlachas agus má bhíonn cead a gcinn acu go hiomlán sátálfaidh siad ar thír bheag ar bith a sheasfaidh in á gcoinne.Ní thiocfadh sin a dhéanamh go dtí seo nó bhí cumhacht ag na tiortha beaga maoladh a dhéanamh ar uailmhian na gcumhachtaí móra.Ní bheidh sin ann feasta agus is trua sin.i dtaca le Sinn Féin de ó thuaidh. níor bhain siad úsáid as go fóill ach ar a laghad tá sé ann má éiríonn cúrsaí ró dhona.An gceapann tú go mbeadh na haontachtaithe níos cineálta mura mbeadh an veto ann ar chor ar bith.?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Nilim cinnte an feidir múineadh a chur ar aondachtaithe, veto ann nó as. Ní doigh liom gur fiú faic veto Shinn Féin nó níl siad chun í a úsáid. Tá’s acu go siulfadh na h-aondachtaithe amach dá mbainfidis feidhm as an veto agus, mar sin, bheadh láimh curtha acu i mbás an ghé a bheireann na h-uibheacha órga ar a son agus ar son a gcáirde.

    Cluiche eile atá á imirt san Eoraip agus is cinnte nach bhfuil mé iomlán muiníneach as tíortha móra impiriúlach na hEorpa. Niorbh aon naoimh iad i ngort an choilíneachais leitheidí an Fhrainnc, an Ghearmáin nó fiú na Beilge.

    Aisteach go leor, dar le David Adams, creideann seisean go raibh na hÉireannaigh chomh mór ina choilínithe agus a bhí na Sasanaigh toisc gur throid roinnt dár sinsir in Arm na Breataine.

    Ach creidim go bhfuil na h-athruithe chun tarlú ar aon nós – Eire ann nó as, luath nó mall. Agus mar sin b’fhearr imeacht leis an ghaoth agus do chúrsa féin a stiuradh chomh maith agus is féidir ná bheith ag imeacht in éadan na taoide agus na gaoithe.

    Admhaím fosta nach dtaitníonn taicticí lucht Sea liom – leitheidí Garret Fitzgerald ag maíomh go mbeidh droch mheas ar votairí na hÉireann más vóta ‘ní hea’ a bheidh ann. Ní chreidim sin – nil droch mheas ar an bhFrainc nó ar an Isiltir nuair a dhiultaigh siad do bhunreacht na hEorpa cúpla bliain ó shin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s