Dea-scéal ó Bhatt?

Is cosúil go bhfuil an tAire Oideachais is Eolaíochta nua-cheaptha, Batt O’Keeffe, tar éis a chur in iúl go mbeidh sé ag casadh gan mhoill lena chomhleacaí Chomhaireachta, Éamon  O Cuív, chun ceist an Ionaid Ghaeloideachais Náisiúnta a phlé leis. 

Dea scéal é sin a thagann sna sála ar an méid a tuairiscíodh i Foinse ag an deireadh seachtaine. I dtuairisc Aine Ní Chiaráin, tugadh le fios go raibh an Aire O’Keeffe ag seasamh leis an méid a dúirt a réamh chomharba, Mary Hanafin, mar gheall ar tumoideachas.  

I bhfianaise an méid a dúirt sé ar an Luan, ná raibh sé abalta teacht ar an airgead le h-aghaidh tús a chur le togáil breis is 250 scoil nua i mbliana, foirgintí a bhí geallta i gclár togáil na scoileanna ag an Aire Hanafin, b’fheidir nár cheart dúinn bheith ró dhochasach.

Ag an am chéanna, tá airgead ar fáil do chúrsaí oideachais is léir ó phríomhscéal an Irish Times inniu. €400m le h-aghaidh taighde triú agus ceathrú libhéal.   Is mór an méid é le fáil ag an am seo den bhliain.  Níl a fhios agam, áfach, cé acu an airgead nua é nó is cuimhin liom an scéal a léamh sa Sunday Business Post an Domhnach tar éis toghchán Bhrian Cowen ina Thaoiseach agus ainmniú Bhatt mar Aire Oideachais.   Ní dócha go bhfuil an galar sin tolgaithe ag Fianna Fáíl, an bhfuil, an galar a bhí ag Labour Nua na Breataine, an nós a bhí acu deascéalta faoi scéimeanna móra a fhógairt arís agus arís eile. 

Beidh le feiceáil.  Is léir áfach go bhfuil an Ionad Náísiúnta don Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ar ‘radar’ an Aire nua.  Ní fios fós, áfach, an gciallaíonn sé go bhfuil sé chun é aimsiú mar a aimsíonn diuracán an targaid nó an bhfuil sé chun teacht i gcabhair ar an dtogra atá ag snámh go h-uaigneach ar an aigéan mhór, chomh caillte le lucht Lost!, le naoi mblian anois. 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s