An fón póca le Gaeilge chugainn

An Tocco - an chéad fón póca le Gaeilge ó dhúchas

Seo scéal a ghealfaidh an lá dorcha seo do Ghaeil.  Tá an comhlacht Samsung ar tí fón poca úr, le cumas tuarthéacs Ghaeilge, a sheoladh i mí Iúil.   De reir an scéala seo, beidh suas le 44,000 focal i nGaeilge ar fáil ag an ngléas.  

Tá sin chomh maith, geall leis, le fóclóir Fhoras na Gaeilge, foclóir a fhoilseofar uair eigean roimh lá Pilib a Chleite. 

Ar aon nós, níl aon eolas go fóill ar an costas a bheidh ar Tocco nuair a sheolfar é ar 2 Iúil.   Deirtear go mbeidh sé ar an gcaighdeán céanna leis an iPhone agus go mbeidh scaileán tuisceanach (touch screen) aige. 

Caithfidh go mbeidh na Gaeil Oga sásta leis an bhfreagra seo ar a bhfeachtas….

[Dála an scéil, fuair mé an íomhá thuas ar an Líonra, suíomh ar fiú go mór cuairt a thabhairt agus clarú leis]

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s