An Barr 50 – fiontar fónta ar son na teanga

Na buachaill� agus na cail�n� dána ó Seacht!

 

Inniu, in Ostán na gCeithre Shéasúr i mBaile Atha Cliath, a fhógrófar cé h-iad a bhfaighidh aitheantas faoin scéim Barr 50 i mbliana, scéim a thionscnaigh Máirtín O Muilleoir agus Lá Nua i 2006 chun aitheantas a thabhairt do na gnólachtaí atá ag déanamh iarrachtaí éagsúla úsáíd a bhaint as an nGaeilge ina gcuid gnó.   In aois seo nuair a bhionn daoine ag bladaráil leo faoi mhargaíocht as Gaeilge gan morán eifeacht, is scéim é seo atá ag togáil proifíl na teanga i measc lucht ghnó.  

Ní dream iad seo atá ag úsáíd na teanga ar mhaithe le coinniollacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh ach go dtuigeann siad go bhfuil buntaiste le baint acu sa mhargadh as an teanga.  Ar ndóigh tá Acht na dTeangacha Oifigiúla tar éis an comhthéacs a athrú le go bhfuil riar á dhéanamh anois ar éileamh cheart agus réasúnta phobal na teanga sa tír seo ar sheirbhísí ina dteanga féin ón stat.   Tá éileamh ann – mar sin ní mór solathar a bheith ann.  

Ag féachaint dom ar an liosta atá foilsithe inniu i Lá Nua, feictear dom go bhfuil comhlachtaí móra, leitheidí Apple, agus comhlachtaí nach bhfuil i mbéal an phobail an oiread sin, ar nos Examcraft, a chuireann páipéir scruduithe ar fáíl do scoileanna.   Tá aitheantas freisin ann do Anne Stirling as Léirithe Sterling a rinne comhléiriú ar an sraith dhráma íontach sin, Seacht, agus tá an comhlacht comhairleoireachta teanga, Oisín, faoi stiur sean chara iGaeilge, Cormac  O hAodha, ar an liosta luachmar seo freisin. 

Seo an chéad bhliain domsa gan a bheith i láthair ag an ocáid.  Ach ó mo thaithí is ocáid den scoth é agus beidh go leor ann ó Mhusgraí, idir buaiteoirí ar nós Oisín, féach thuas, Litriocht agus Fís Beo, an comhlacht léirithe teilifíse ó Bhaile Mhuirne. 

Ní fheadar an féidir an saol ghnó ar fad in Éirinn a ghaelú – ach tá tús mhaith curtha leis an bproiseas.  Mura bhfuil an leath bainte amach fós, tá sciar den obair déanta….

Ar aghaidh leis an obair.

Tugaim faoi ndeara go bhfuil an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon  O Cuív, ag labhairt ag an ocáid.  Is cuimhin liom é a rá go mbeadh sé féin níos sásta an Ghaeilge a fheiceáil ar bhosca chalóga arbhair ná rud ar bith eile.  Chiallódh sé sin go raibh an Ghaeilge tagtha go laidir ar an margadh.  Bhuel, níl sin tarluithe go fóíll…

Cad faoi Kellogs?  Cá bhfuil bhúr weetabix!

 

2 thuairim ar “An Barr 50 – fiontar fónta ar son na teanga

  1. séamus Mac Seáin

    is mór agat an moladh sin ar “Barr caoga” de chuid lá nua, ag tabhairt san áireamh nar caitheadh go cneasta leat ag an pháipéar chéanna.Go gcúití Dia do mhórgacht chroí leat

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh, má tá rud fiúntach, tá sé fiúntach. Tá dea chuimhní agamsa ar Lá Nua, in aineoin an méid a tharla.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s