An Líonra = BEBO as Gaeilge

Tá sé ráite liom go bhfuil cead agam an rún a scaoileadh.   Tá suíomh idirlíon nua ann anois do Ghaeil ar fuaid na hÉireann is ar fuaid an domhain – An Líonra – agus gach seans gurb é ceann de na suíomhanna is tabhachtaí dar foilsíodh fós ar an idirlíon i nGaeilge.   Dá ndéarfainn gur leagan Ghaeilge de Facebook nó Bebo nó Myspace atá ann, bheadh sé cruinn mar chursíos ar fheidhm an tsuímh nó is gréasán nó líonra soisialta atá i gceist.  

Fiontraithe le Gaeilge atá ar chúl an togra seo ach is é mo shean chara, Conn O Muineacháin an fear a thug an tionscnamh ar fad le cheile.  Bhí baint beag agam féin leis, agus táim bródúil as sin.    Tá creidiúint ag dul don cheannródaí Chonallach, Liam  O Cuinneagáin freisin nó bhí páirt lárnach aige sa togra. 

Ach ná bí ag meilt ama ag eisteacht liomsa ag bladar faoi – gabhaigí ann agus cláraigí.  Bainigí sult as!

Agus tagaíg ar ais ar chuairt chugam anois is arís!  Beidh mé go fóill anseo!

 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s