Clampar agus cur i gcéill faoi chaint Cowen

Is bocht an scéal é ach bhí sé ina phríomh scéal ar go leor feasacháin nuachta raidio an lá inné, an f-fhocal ar bhain an Taoiseach úsáid as agus é ag caint go ciúin lena Thánaiste, Mary Coughlan.  Amhail is nach mbionn an fhocal sin le clos againn agus sinn ag i mbun ár gcuid oibre gach lá – go deimhin is dócha gur ónár mbéal féin a thagann a leitheid d’fhocal ó am go h-am.  

Gan amhras is teanga neamh pharlaiminteach é agus bhí sé de mhí adh ar an dTaoiseach gur áiríodh é ag tabhairt an ordú borb dá leath bhadóír ar mhicreafón na Dála.  Roimh dheireadh an lae bhí ar leithscéal a eisiúint.

Nach ait an scéal go bhfuil níos mó speise ag leitheidí Newstalk agus RTÉ i bhfocal suarach mar seo ná mar a bhí acu ins na h-oráidí tabhachtacha i nGaeilge a thug an Taoiseach le cúpla seachtain anuas ón am gur ceapadh é ina cheannaire ar Fhianna Fáil!

4 thuairim ar “Clampar agus cur i gcéill faoi chaint Cowen

  1. aonghus

    Níl freasúra le dealramh againn sa tír.
    Níl ar a gcumas cur i gcoinne an Rialtais go cruthaiteach. Ní feidir leo ach cluichí seafóideacha parliamente a imirt, cosúil leis an ceann seo. “Mamaí, mamaí, thug an Taoiseach dána focar orm”.

    Dar ndóigh ní faoi na pusacháin i bhFine Gaeil a bhí sé ag caint in aon chor.

    Ach faoin dream a bhfuil ar a gcurám srian a choimeád ar phraghasanna, nó atá freagrach as na praghasanna ró arda a íocann muid.

    Freagra
  2. Fearn

    Dá ndeanfadh sé a mhór de as Gaeilge a labhairt ós ard sa Dáil, tuige nach labhrann sé ós íseal í i mbun cogar mogar dó?

    Freagra
  3. Aonghus Dwane

    Is fíor duit, a Chonchubhair. Ní fheadar cé chomh fada agus a thógfaidh se go n-eireoidh Cowen dóthanach den neamhaird a thugtar air san meáin agus é ag labhairt i nGaeilge?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Bhí an córas ar fad parailísithe ag an gcaint faoin fhocal amháin seo an tseachtain seo chaite, rud a thug Cathal Mac Coille faoi ndeara ina alt i bhFoinse ag an deireadh seachtaine. Tá súil agamsa nach parailís a bheidh mar thoradh ar a chuid cainte i nGaeilge, gníomh grod atá ag teastáíl.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s