Cáin Breis Bhriotanach

Tá leithéid� Debenhams ag gearradh an CBB

In ainneoin gur eirigh linn saoirse a bhaint amach – nó gur eirigh le cuid againn saoirse a bhaint amach breis is ochtó bliain ó shin pé scéal é – is cosúil go bhfuil cáin á ioc ag furmhór na nEireannach leis an Bhreatain go fóill. 

Gach aon uair a théann tú ag siopadóireacht – agus tá mé féin chomh ciontach céanna – bíonn praghasanna á ioc againn i Euro nach bhfuil ionchurtha leis an bpraghas sterling ó thuaidh den teorainn i mbrainse eile den siopa céanna – leitheidí Tesco, Marks & Spensers, Debenhams. 

Níl a fhios agam an bhfuil an cineal céanna ar siúl ag Dunnes Stores – nó tá brainsí acu san ó thuaidh is ó dheas freisin.  Ní chuirfinn geall ina choinnibh. 

Tá an fócas faoi lathair ar na ‘F*cairí’ i Tesco agus M&S agus Debenhams agus, ní foláir, Boots freisin.  

Ag an am chéanna tá An British Council tar éis leabhar a fhoilsiú ‘Lives Entwined’ ina bhfuil léargas ó roinnt Eireannaigh ar dhearcadh athrach i leith na Breataine in Éirinn.  De reir dealraimh táimid ag eirí níos ceanúla ar an mBreatain de reir agus a fhásaimid mar thír.  Ní miste liom bheith ceanúil ar dhaoine ó thír – ach is cinnte nach mbeidh ceanúil ar a gcuid comhlachtaí má leanann siad den cháin faoi choim seo. 

Ar ndóigh tá bealach amháin cinnte agam deireadh a chur leis an gcaidreamh seo, cáiniocóir/bailitheoir cánach, idir mé féin agus comhlachtaí trádála na Breataine.  Caithfidh mé stopadh den siopadóireacht i leitheidí Debenhams agus M&S agus Tesco.  Cuirfidh sin múineadh orthu!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s