Seachtain na hEorpa

Allez Cúige Mumhan!  Cúige Mumhan abú!

Seachtain na hEorpa atá againn an tseachtain seo, dealraíonn sé.  Tá an Chomórtas Eoraifíse ar bun i mBéal Gráid an tseachtain ar fad, tá Craobh Sacair na hEorpa ar siúl anocht idir dhá fhoireann ó Shasana, Manchain Aontaithe agus Chelsea, agus ar an Satharn, tá Cúige Mumhan ag imirt Toulouse i mbabhta ceannais Chorn Heineken i Stáid na Mílaoise i gCaerdydd. 

Is cinnte gurb é seo an seachtain is mó sa bhliain ina bhfuil an Eorpachas chun tosaigh.  Is dócha gur thart ar an am chéanna gach bliain a thiteann na h-ocáidí Eorpacha seo ar fad ag titim amach.  I mbliana táim á dtabhairt seo faoi ndeara don chéad uair de bharr go bhfuil an fheachtas faoi lán tseol mar gheall ar Chonradh Liospóin. 

Níl mo chinneadh déanta agam go fóill faoin mbealach a chaithfidh mé vóta an uair seo.   Cé go gcreidim gur ar ár leas a bheith páirteach sa Chomhphobal, táim tar éis bheith diúltach go maith faoi na gconarthaí éagsúla a bhí orainn votáil orthu. Is cuimhin liom Maastricht bheith á dhiospóireacht is mé ar an ollscoil agus ar ndoigh bhí an Acht Aon Eorpach agus Nice is eile ann ó shin. 

Anois táim ag féachaint ar an ndiospóíreacht ón dtaobh amuigh agus caithfidh mé a rá nach bhfuil mé tógtha le lucht Ní Hea ar chorr ar bith.   Tá Libertas ann agus Sinn Féin.   Libertas, lena gceangailtí le comhlacht mór mileata Mheirceánach, mar ar shoilsíodh anseo agus ar Indymedia roinnt seachtainí ó shin agus mar ar tuairiscíodh ar an Irish Times agus RTÉ inné,  agus Sinn Féin, pairtí a bhí i gcónaí i gcoinne na gconarthaí éagsúla ach níl fhios agam an bhfuil siad ina gcoinne ar mhaithe le prionsabal nó ar mhaithe le leas pholatúil a bhaint as bheith ar an dtaobh eile den diospóíreacht le gach mór phairtí pholatúil eile, Libertas agus Sinn Féin agus cúpla TD fánach ar nós Finian McGrath in aon leaba le cheile, nach ait mar cheilí leapan fiú mas leaba pholatúil atá i gceist!

Ní h-é go bhfuil mé spreagtha ag lucht “Sea” ach an oiread. Ní thaitníonn an port liom go mbeidh gach tír san Aontas dubhdoite le hÉireann má chailltear an reifreann seo.  Ní h-é go mbeidh deis ag comhfhreagraí RTÉ san Eoraip a thuairisciú, faoi mar thuairiscigh a leitheid roimhe nuair nár buadh an chéad reifreann faoi Nice, go bhfuil Éire náirithe os comhair na hEorpa de bharr an chinneadh daonláthach a ghlac an phobal. Nuair a cailleadh reifreann Nice, níor thit an tóín as an tsaol. Bhrostaigh Bertie [an cuimhin libh Bertie, taoiseach trath?] leis an fógra a dhéanamh go mbeadh an dara reifreann ann sara raibh cúntas iomlán déanta ar na votaí. Náiríodh Bertie go luath ina dhiaidh sin nó nuair a chaith an Fhrainc agus an Isiltír a vótaí ar Bhunreacht na hEorpa, buadh ar lucht ‘Sea’ sna reifrinn sin agus ní raibh aon cheist ann go mbeadh an dara reifreann ann. Creidim féin gur cheart cosc a bheith ar an dara reifreann ar an gceist céanna go ceann seacht mbliana ar a laghad tar éis go dtugann an phobal votála an chéad bhreith.

Ar aon nós, tá súil agam sna seachtainí romhainn, go mbeidh cuid de na ceisteanna á chíoradh againn anseo faoi Chonradh Liospóin agus gur féidir linn roinnt céille a bhaint ón gcacamais ar fad ina thaobh. Tá an reifreann seo le baint nó le cailliúint go fóill.  

Cúige Mumhan abú! Allez Cúige Mumhan!

 

Aon tuairim amháin ar “Seachtain na hEorpa

  1. Fearn

    Is maith liom cleas an chomhleachais atá ar bun agat.

    Tá súil agam nach mbeidh ciontacht an chomhleachais orm de dhroim na tráchta seo uaim

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s