Manchain Aontaithe abú…..

Ba dheas an bealach a rinne Manchain Aontaithe comóradh ar an dtubaist a tharla i Munchen 50 bliain ó shin - le bua stairiúil i Móscó

Sa deireadh thiar, b’é Chelsea a d’íoc an píonós agus ba ag Manchain Aontaithe a bhí an bua.   

Oíche baistí i Móscó agus ní raibh faic idir na foirne ag deireadh 120 noiméad.  Ansan ciceanna pionóis.  Chaill Ronaldo ceann – an buntaiste ag Chelsea.  Agus ansan, John Terry, captaen Shasana agus Chelsea, bhuail sé an cuaille agus thit sé ar a thóín.  An seans ab fhearr a bhí ag Chelsea an lámh in uachtar a bheith acu – agus cuireadh amú é.  

Níl fhios agam an raibh an bua tuilte ag ceachtar foireann – cluiche Shasanach ar ardán domhanda, gan morán tairbhe ann. Ach bhí dráma eigean ann is dócha….

Ba mhór an trua, áfach, agus sinn ag caint ar chúrsaí na hEorpa, agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil ann, ná raibh oiread is focal Ghaeilge ar aon chuid den tuairisciú beo ar deineadh ar na h-ocáidí éagsúla go dtí seo. 

Go deimhin agus Amhrán an Turcaí á chur i láthair ó Bhéal Graid an oíche theana, bhí teachtaireacht ghairid i “dteanga náisiúnta na hÉireann” – an Bhéarla.  Arís is teip de chuid RTÉ é seo. 

Agus aréir, bhí an cluiche mór á thaispeaint ar Sky, ar ITV agus ar RTE.  Nach gceapfá go dtaispeanfaí in áit amháín é i nGaeilge in Éirinn?  Beag an bhaol. 

Is dócha gur mar a cheile a bheidh sé oíche Dé Satharn cé gur ar Sky amháin a bheidh sé á thaispeaint.  Ar aon nós sin mo racht curtha díom agam….

 

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s