Turcaithe [RTÉ agus Dustin] róstaithe ag an Eoraifís!

Dá bhfaighinn mo rogha ar cén turca� a sheolfainn go Béalgráid....

I mBealgráid anocht, deinfear náiriú iomlán ar an dtír seo nuair a chanfaidh turcaí, Dustin an Turcaí, amhrán na hÉireann sa bhabhta leathcheannais don Chomórtas Eoraifíse.  

Ní mór dúinn smaoineamh gurb é seo rogha RTÉ – seachas rogha na hÉireann. Ní fiú amhrán a thabhairt air. 

Dá mba mhaith leo rud eigean éagsúil a dhéanamh an oiread san, bhí an cheart acu amhránaí Gaelach, leitheidí Roisín Elsafty, a sheoladh ann le h-amhrán ar nós O Mo Phailistín.  Bheadh san ina rogha chonspóídeach a mheallfadh aird ar an dtír seo – agus is amhrán den scoth é freisin….

Coinnigh an turcaí don Nollag.   I gcead do Dhustin, carachtair brea greannmhar gan amhras.  Ach sin é. 

AN SCÉAL IS DÉANAI: Nior eirigh le Dustin agus an amhrán mí chuíosach aige, Ireland Douze Points, cáilliú don babhta ceannais.  In ainneoin an bladar ar fad ar chláracha RTÉ le roinnt laethannta, níor thit muintir na hEorpa i ngrá leis an dturcaí seo.  Nior thit siad i ngrá lena amhrán. 

Agus ná bídís ag maíomh go bhfuil EIre náirithe de bharr an toradh seo. RTÉ atá náirithe.  SIn an méid. 

An bhliain seo chughainn, roghnaídís amhrán ón albam a éisíonn Seachtain na Gaeilge agus déanfaidh sin an beart. Má theipeann air maith go leor, ní thriallfar arís é go ceann glúine. Ach ba cheart é a thriail anois. 

 

Aon tuairim amháin ar “Turcaithe [RTÉ agus Dustin] róstaithe ag an Eoraifís!

  1. Fearn

    B’fhéidir gur teachtaireacht chaolchúiseach ag an AE é nach bhfuil glacadh san AE leis an Tuirc 😉

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s