An Hijab in Éirinn

Is cosúil go bhfuil príomhoide meanscoile i Loch Garman ag éileamh ar an Roinn Oideachais polasaí maidir leis an Hijab a bheachtú agus a chur in iul do scoileanna.  Is é an Hijab an scaif a chaitheann mná agus cailíní ón gcultúr Ioslamach timpeall a n-aghaidheanna.  

An oiread is go bhfuil cead ag daoine crosanna a chaitheamh mar sheodra, sílim gur cheart go mbeadh sé de cheart ag Ioslamaigh cloí lena gcultúr agus lena gcreideamh.  Conas mar a chuireann sé isteach ar dhaoine eile má chaitheann comrádaithe leo sa rang an Hijab.   Cinnte beidh sé nua ar feadh tamaill agus spreagfaidh sé caint, b’fheidir, ach don mhúinteoir mhaith bheadh sé ina deis labhairt faoi chultúr agus faoi chreideamh na nIoslamach le daoine a chur ar an eolas. Is fearr an t-eolas ná an t-aineolas i gcónaí. 

Bheadh sé cineál aisteach dá mba rud é gur cuireadh cosc ar chaitheamh an Hijab sna scoileanna nó chiallódh sin go raibh comparáid le déanamh idir Rialtas na hÉireann agus an Taliban nó bheadh cosc de facto curtha ag an dá dream ar chailíní ón gcultúr Ioslamach freastal ar scoil.  Cinnte bheadh na cúiseanna difriúil ach ba mar a chéile an toradh. 

B’ionann agus cosc ar Shíocaigh sna Gardaí an cosc ar cuireadh ar fhir ón dtraidisiún sin an turban a chaitheamh.  I bhfurmhór na bhforsaí poilíneachta ar fuaid an domhain tá rogha ag Síocaigh an turban a chaitheamh mar chuid dá n-éide.  Ar chúis eigean nach bhfuil soiléir, níl seo ceadmhach sa phoblacht seo ina bhfuil saoirse creidimh mar chuid de chearta gach saorannach. 

Táimíd ag gearradh ár mbáta féin….

2 thuairim ar “An Hijab in Éirinn

  1. aonghus

    Táimid ar aon fhocal faoi seo, ach go bhfuil sé níos tromchuisí ná cros a chosc ar Chríostaí.

    Ní dualgas creidimh cros a iompar. Bheadh sé cosúil le Caitliceach a stopadh ó freastal ar aifreann ar lá saoire mhóir.

    Feicim san Irish Times gurb é an cúis a luadh ná imní ar udaráis na scoile go ndeanfaí tromaíocht ar an gcailín dá bharr. Sin tromchúiseach – ag cur an milléan ar an té atá thíos leis an dtromaíocht.

    Níos mó ar mo bhlagsa ar ball.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s