In am an Ghaeilge a phríobháidiú?

Agus sinn go minic ag caint ar conas seirbhísí trí Ghaeilge na tíre seo a fheabhsú, an bhfuil sé in am céim radacach a ghlacadh? 

Cad faoin Ghaeilge a phríobháidiú?   

Míneoidh mé céard atá i gceist agam.  Ar dtúis lig dom an céist a chur i gcomhthéacs éigean.   Agus é ag labhairt sa Dáil an tseachtain seo dúirt an Taoiseach nua, Brian  O Comhain,  ná raibh na torthaí a bhíothas ag súil leis á fháil ag an Stat ón gcaiteachas a bhionn á dhéanamh ar an Seirbhís Phoiblí. 

Tuigimíd é sin go maith,   Thug sé mar shampla an bealach a bhí cleachtais oibre sa réimse teiripe cainte ag cur bac ar sheirbhísí eifeachtacha a chur ar fáíl doibh san a bhí na seirbhísí riachtanacha seo á lorg acu. 

Ní gá léimpt rófhada a dhéanamh ó na deacrachtaí sa teiripe cainte go Foras na Gaeilge, ball amháin den Fhoras Teanga. 

Ní gá cur i gcuimhne do leitheoirí an cholúin seo go bhfuil Foras na Gaeilge ar cheann des na h-eagrais is lú eifeacht ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de i stair na hÉireann.

Ní féidir leis an bhforas tras teorainn seo fiú a gcuid cúntais suas chun dáta nó a dtuairiscí bliantúla a fhoilsiú.  Is cinnte dá mbeadh foras stat eile ann – nó cinnte comhlacht priobháideach – ná raibh cúntais foilsithe acu ó bhí 2003 ann, go mbéidís os comhair na cúirte. 

Is é an deacracht a bhaineann le h-easpa cúntais a bheith ar fáíl don phobal nach féidir a dhéanamh amach cé chomh eifeachtach – nó neamh eifeachtach – atá eagras i mbun an ghnó atá luaite leo. 

Ní féidir an obair a dheineann siad a thomhas  go cruinn.  Cinnte tá daoine míshasta le Foras na Gaeilge – ach níl aon slattomhas cruinn againn chun a n-eifeacht a thomhas.  Mar shampla, an mó airgid a fhaigheann an Fhoras gach bliain agus a sheolann siad ar ais chun an dhá mathair ranna de bharr nach raibh sé ar a gcumas, ar chúis amháin nó eile, an t-airgead sin a chaitheamh le cúis fónta Ghaeilge? 

Ar aon nós, fagfaimís an racht faoi Fhoras na Gaeilge ar leataobh ar feadh noiméad.  Tá’s againn gur ‘cul de sac’ atá ann ar aon nós. 

An bhfuil reiteach na faidhbe agam?  Níl fhios agam – ach níor mhiste liom an liathróid seo a chaitheamh sa ghort. 

Agus é ag caint ar chlár cúrsaí reatha RTÉ, The Week In Politics, dúirt John Purcell, iar Ard Reachtaire na gCúntas, go raibh bealaí ann a fhéadfaí obair na stat seirbhíse a fheabhsú.  Luaigh sé, mar shampla, an slí atá feabhas tagtha ar an liosta feithimh le h-aghaidh scruduithe tiomána ó deineadh an ghnó sin a phriobháidiú anuraidh.  Bhí liostaí feithimh leath bhliain ann le h-aghaidh scruduithe – anois níl ar an t-é atá le dul faoi scrúdú ag fánacht leath chomh fada. 

An ionann scruduithe tiomána agus cur chun cinn na Gaeilge?  Ní h-ionann.  Ach an bhfuil aon chúis nach n-oibreodh sé mar seo?

Abair go mbunófaí comhlacht chun seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don Stat Seirbhís.  Tá ar gach Roinn agus aonad sa Stat Seirbhís, suas le 650 comhlacht ar fad, plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.  Bhuel, dá gcuirfí an cúram sin ar an gcomhlacht atá á mholadh anseo agus go ndéanfadh an comhlacht sin é, ar tháílle, bhuel bheadh bealach ann chun an eifeacht a thomhas. 

D’fhéadfaí, mar shampla, glaolann lárnach a bhunú nó ceann i ngach Gaeltacht le daoine ann a fhéadfadh fiosruithe simplí faoi sheirbhísí a fhreagairt.  Bheadh daoine sna h-aonaid seo a bheadh in ann fiosruithe nios deacra a fhiosrú le na h-oifigigh cuí chun an freagra a chur ar fáíl don fhiosraitheoir. 

Ní cúramaí dá leitheid amháín a bheadh i gceist.  Leis an brabhús ón obair seo, bheadh airgead ar fáíl ag an gcomhlacht chun tograí Ghaeilge a mhaoiniú ar fuaid na tíre.  Tograí a bheadh faobhar trachtála ag baint leo – cultúrlainn le caiféanna ann, caiféanna a bheadh mar sprioc acu brabhús a shaothrú.  Bheadh cúramaí margaíochta na Gaeilge ar an gcomhlacht seo freisin.   Bheadh ar an gcomhlacht bheith seiftiúil maidir le h-iomhá na teanga agus pobal a labhartha a fheabhsú i measc an phobail. 

Seo obair a shamhlaíodh trath le Foras na Gaeilge ach de bharr gur créatúr den stat sheirbhís é an Fhoras, tá sé siocaithe ag na modhanna oibre agus na srianta a bhaineann leis an gcóras sin.  Ní h-é go bhfuil na daoine ann mí eifeachtach nó eifeachtach, níl fhios againn.   Ní féidir linn éifeacht an eagras a thomhas. 

B’fheidir seachtain nó deich lá ó shin, bhí ceannlíne i Lá Nua faoi mholadh phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh nach mbeadh Ceathrú Ghaeltachta Iarthar Bhéal Feirste ina ‘Disneyland’ Gaelach. 

Ar ndóigh níl sé molta ag duine ar bith go mbeadh an Ceathrú Gaeltachta ina Disneyland, Gaelach nó eile.  Is é Foras na Gaeilge an t-aon dream atá ina gcónaí i Disneyland nó sa domhan íontach seo, An Talamh Choiche Choiche, ní gá cúntais nó tuairisci bliantúla a fhoilsiú!

Tá roinnt ceisteanna agus pointí eile le déanamh i leith seo – ach fanfaidh mé go bhfaighidh mé roinnt aischothú uaibh!

 

12 de thuairimí ar “In am an Ghaeilge a phríobháidiú?

  1. séamus Mac Seáin

    comhgairdeas
    go maire tú do thrí mhíle agus go mbaine tú tríocha míle amach sara fada

    Freagra
  2. Gael gan Náire

    “Ná bí ag smaoineamh ar na seirbhísí Gaeilge is féidir le do thír a chur ar fáil duit ach ar na seibhísí Gaeilge is féidir leatsa a chur ar fáil do do thír”.

    Tá neart daoine ag smaoineamh mar sin, buíochas le Dia.

    Ní bheidh muid ar aon fhocal fá seo choíche a Chnoc. ach tá mé ag rá leat, nuair a ghlactar le deontas díoltar rud beag den chúis. Gaiste atá ann.

    Glac leo go cinnte ach ná bí gafa leo, sin a deirim.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    A Ghaeil,

    Nílim ag caint ar deontais, Táím ag caint ar infheistíocht a bheidh brabhús mar thoradh air. Sin an fath gur ‘priobhaidiú na Gaeilge’ atá i gceist. Teastaíonn uaim an teanga a bhaint ó lucht na ndeontas – Foras na Gaeilge – mar ní ar leas na teanga atá siad ach ar leas a gcumhacht agus a suíomh féin a choimead.
    Níl a thuilleadh i gceist ach sin. Bhí baint agam le Lá/Lá Nua le blianta fada agus bhíomar ag brath ar dheontais de bharr ná raibh na fógraí stait á fháíl againn is a bhí ag na nuachtáín móra Béarla. Sa tuaisceart amháin caitear £9m ar fhógraí stait idir an Newsletter, an Irish News agus an Telegraph. Gan pingin rua á chaitheamh go dtí an tseachtain seo chaite ar fhógraí Ghaeilge sa nuachtán Ghaeilge.
    Ar ndóígh ciallaionn sé sin go bhfuil Lá Nua spleach ar dheontais – ach is ionann agus deontas fosta an t-airgead atá á chaitheamh ar an Irish News etc.
    Ná bí ag caint linn amhail is go bhfuil tusa ar chapall ard mhorálta agus go bhfuil gach einne eile ar fad inár sclabhaithe don deontas. Bhí Lá ag foilsiú gan deontas ar feadh na mblianta fada sara tháínig Nós – agus is maith ann Nós – ar an bhfód. Bheadh Lá Nua á fhoilsiú ar an modh céanna dá mbeadh mo rogha agam – ach níl.
    Ba mhaith liom a cheapadh freisin go leanfaidh Nós gan deontas ach nior mhaith liom a cheapadh go mbeadh sé gan infheistíocht a chuideoidh leis fás agus forbairt.

    Freagra
  4. Gael gan Náire

    Níl baint ar bith agamsa le Nós*!!! cé go smaonaím go bhfuil sé go maith.

    Tá súil agam go bhfuil an cheart agat agus go bhfuil mise mí-cheart, a chara.

    Tá an cheart agat ar ndóigh tá na deontais údaí de dhíth chun rudaí ar nós Lá a choinneáil ag dul.

    Ach muna miste leat féin, beidh mé i gcónaí in amhrás faoina blaincéidí is an uisce beatha a thugann an far bán dom.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    admhaíonn Éamonn Ó Cuiv é féin nach bhfuil sé sásta le leagan amach an Fhorais mar atá sé ach ní deireann sé linn cad é mar a ba cheart é a bheith agus is trua sin.Is léir nar éirigh leis an Fhoras na haidhmeanna a cuireadh roimhe a bhaint amach agus go fírinneach thiocfadh a rá nach bhfuil ann ach eagras scaipeadh airgid ( agus ní olc an rud é sin) ach ní ghlacann sé foireann mhór le sin a dhéanamh Is dóigh liom go raibh dóchas thairis sin ag lucht na Gaeilge nuair a bunaíodh an Foras agus is trua narbh é an tús úr é a raibh muid uilig ag súil leis.Tá daoine fiúntacha ag obair ag an fhoras agus ta mé ag ceapadh go bhfuil frustrachas orthu féin mar gheall ar an easpa dul chun chinn a shamhlaítear a bheith déanta ach tá siad ag obair faoí laincisí an chorais a d’fhag na polaiteoirí le huacht acu agus go dtí go nathraítear sin ní dócha go go dtiocfaidh biseach ar an scéal.
    Ach ní tús agus deireadh gach scéal é Foras na Gaeilge agus is féidir go gcaitheann muid( mé féin san áireamh)an iomarca ama á phlé.Tá tabhacht ar leith dar liom ag baint leis an dara céist a thóg tú mar gheall ar “phríobháidiú” na Gaeilge.Má’s ionann príobháidiú agus fionntraíocht a spreagadh i measc lucht na Gaeilge tá mé ag teacht leat go hiomlán agus go fírinneach sílim nach bhfuil i ndán dúinn ach an bás gan í.Is smaoíneamh nua é an ghlaolann a mholann tú agus níor mhisde sin a chur roimhe na ndaoine ata i mbun na glaolainne atá lonnaithe i nGaoth Dobhair ( sílim) agus iadsan an tseirbhís a thairiscint don rialtas.Mar a dúirt Seosamh Mac Grianna an scríobhnóir connalach aon uair amháin “ní easbhaidh fear ach easbhaigh smaoinimh a d’fhag thíos sinn”. ar a laghad Tá neart smaoinimh ag teacht ón bhlag seo. go maire sé Le fionntraíocht a spreagadh i measc Gael cad chuige nach dtairgíonn an Foras Euro amháin ar gach Euro a bhailíonn eagras Gaeilge ar bith. ar an dóigh sin dhéanfaí infhéistíocht na Gaeilge a dhúbáilt taobh istigh de bhlian agus chuirfí Gaeil ag smaoineamh ar déanamh as dóibh féin rud atá de dhíth go práinneach

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    rud eile a rith liom agus mé ag smaoineamh ar do bhlag a choncubhair gur cheart do lá Nua na blaganna Gaeilge a chur i gcló gach lá mar abhar suime ag na léitheoiri.Tá an tabhar reamh scríofa agus ba léamh eile ar an scéal é.

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    rud eile a rith liom agus mé ag smaoineamh ar do bhlag a choncubhair gur cheart do lá Nua na blaganna Gaeilge a chur i gcló gach lá mar abhar suime ag na léitheoiri.Tá an tabhar reamh scríofa agus ba léamh eile ar an scéal é.

    Rinne mé an tairiscint sin – ach nior tugadh cluas do de reir dealraimh táím ar an liosta dubh ag mo shean chomrádaithe ar chúiseanna nach dtuigim. Tá súil agam nach mbaineann siad leis an seasamh atá á ghlacadh agam faoi SF.

    Freagra
  8. Gael gan Naire

    “ní easbhaidh fear ach easbhaigh smaoinimh a d’fhag thíos sinn”

    Feictear domhsa go bhfuil neart smaointi ann ach go mbionn siad ag na daoine ceanann ceanna i gconai, uime sin ni feidir leo achan rud a dheanamh faraor.

    Chomh maith leis sin, is e mo thaithi na nach maith leis an fhoras smaointi ura in aon chor ar chor ar bith.

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Nil fhios agam an t-údar leis an gcluas bodhar. Níor tugadh aon chúis dom = ní raibh sé de chuirtéis ag na h-údaráis i mBaile Hainé an cheist a phlé liom fiú. Feictear dom go bhfuil an nuachtán ag imeacht chun donais agus os rud é go raibh láimh agam sa dul chun cinn a rinneadh leis, is olc liom sin. Tá’s agam go bhfuil an fhoireann ag déanamh a ndícheall ach tá an iomarca giorruithe déanta orthu agus an iomarca d’ualach le h-iompar acu Is miorúilt é go bhfuil siad i ndán 16 lch in aghaidh an lae a fhoilsiú ach tá an caighdeán ag sleamhnú i dtreo tóín phoil.. Is ceist é don bhainistíocht agus ní don fhoireann.

    Cá bhfuil Cáirde Lá Nua a gealladh nuair a d’fhograíodh an phacáiste tarrthála ag deireadh mí Feabhra? B’fhiontar íontach é Lá Nua agus tá poiteansal ag baint leis – ach an tacaíocht ceart a bheith ann do. Nior cheart don nuachtán bás na míle gciorrú a fhulaingt.

    Freagra
  10. aonghus

    Tá margadh ann cinnte do comhlacht éigin gur féidir leo na scileanna cuí – aistriúcháin, scríobh deá phróis, agus na scileanna nach iad a bhaineann le cur le cheile fillteáin agus tuairiscí snasta.

    Ach tá meon an TOITD fós láidir.

    Rud fónta amháin a rinne lucht an Fhorais ná an scéim creidiúnaithe d’aistritheoirí. Anois ní mór dúinne brú a chuir orthu siúd atá ag foilsiú i “nGaeilge” nuair is truflais a fhoilsítear.

    Tá státseirbhíseach sinsearach ar m’aithne a dúirt gur foilsíodh rudaí i “nGaeilge” ainneoin é bheith soiléir iad a bheith lofa – toisc go dtógfaí raic níos mó agus níos tromchúisí dá gcuirfí moill ar an bhfoilsiú.

    Caithfear raic a thógáil go luath agus go minic faoin TOITD -ansin beidh margadh ann don dream ar féidir leo an rud a dhéanamh i gceart.

    Maidir le Lá Nua, chonaic mé ar a laghad scéal amháin a bhí bunaithe ar rud a scríobh tusa anseo…
    (fch anseo, thíos ag bun

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s