Des Bishop – “Michael O’Leary na Gaeilge”

Níl aon teora le h-uaillmhian an fhir grinn.  Cén fhear grinn atáim ag caint air?  Cé eile ach Des Bishop.

Inné (Dé Chéadaoin) thug cuairt ar Theach Laighean agus chas sé ar an dTaoiseach, Brian O Comhain, chun plé a bheith aige faoin mhéid a fhéadfadh polaiteoirí a dhéanamh ar son na teanga. 

An rud is mó ar féidir leo a dhéanamh, ar ndóigh, sin í a labhairt.  Mura bhfuil sí agat le labhairt – is féidir í a fhoghlaim.  Bain triail as Oideas Gael.

Agus ba mhaith an rud é freisin deireadh a chur leis na diospóireachtaí Dála leathbhacailte ina mbionn caint seafóideach faoin mbealach ar múineadh Gaeilge roimhe nó na cuimhní cinn a bhí ag an chainteoir faoin shaol aoibhinn a bhí aige sa Ghaeltacht gach Samhradh le linn a dhéaganna.    

Labhair ar na ceisteanna móra i nGaeilge.   Dein aithris ar Bhrian agus ar Enda.   Dein an beart. 

Táim buioch do Chú Chonnacht thall ar politics.ie as ucht cúpla nasc speisiúil a chur leis an scéal seo.  Is féidir teacht ar léargas eigean ar an méid a tharla le linn cuairt Des ar an Dáil anseo.

Agus é ag labhairt ar RTÉ News níos luaithe, dúirt sé gur mhaith leis an rud céanna a dhéanamh ar son na Gaeilge agus atá Michael O’Leary ag déanamh ar son áiteamh a dhéanamh ar phaisinéirí gan an iomarca bagaiste a thabhairt leo ar eitiltí Ryanair. 

Maith thú Des!  

Ach tá eagla orm nach n-eireoidh leat i ngach cás.  Más féidir leat áiteamh ar dhaoine dearúd a dhéanamh ar an nath cainte ‘forced back our throat’ bheadh sin ina thús mhaith…

5 thuairim ar “Des Bishop – “Michael O’Leary na Gaeilge”

  1. séamus Mac Seáin

    nach aisteach an dream daoine iad , na hÉireannaigh,tá turcaí ag ceol ar á son san Eorap agus tá fear grinn puncánach leis an teanga a shabháil ar á son. cad é an chéad rud eile “Thomas the tank” leis na traenacha a reachtáil?

    Freagra
  2. aonghus

    Tá muinín ag Des, agus ag an dream taobh thiar de Dustin.

    Tá an cuid eile againn ró ghafa ag seachaint na ceiste “ar éirigh tú as a bheith ag brú gaeilge ar dhaoine fós” – níor bhrú muid ar aoinne í; ach is ins na tearmaí sin a phléann an saol Bhéarla an cheist.

    Tá Des ag briseadh an mhúnla sin; go n-éirí leis.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    ní muinín Des ná an turcaí atá in amhras ach muinín na nÉireannach atá taobh le turcaí agus fuirseoir le déanamh ar aá son.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tuigim do Shéamus. Cheapfá ná raibh aon tairbhe bheith ag mealladh daoine – agus go h-áírithe RTE – i dtreo na Gaeilge go dtí gur tháinig Des Bishop ar an bhfód. Níl an locht ar Des – ach orainne.

    Léirigh Des, áfach, go raibh sé abalta an teanga a mhaistriú, éacht a thug an t-éitheach don mhaíomh a bhí ann go raibh sí ro dheacair a fhoghlaim. Níl de dhíth ach diograis agus cur chuige. Ná h-abair é, dein é!

    Taithníonn teachtaireacht Des liom freisin – tá sé in am go n-eireodh na meáin Bhéarla as an chaint seo faoi ‘shoving Irish down our throats’ agus ‘Irish language Taliban’. Tá daoine ann atá diograiseach faoin teanga – ach tá sé aiféiseach bheith ag maíomh go bhfuil an Ghaeilge á bhrú ar aoinne sa lá inniu. Is í an Bhéarla atá á bhrú orainn i rith an ama.

    Freagra
  5. aonghus

    Tá sé aiféiseach cinnte. Sin an fáth go bhfuil sé níos fusa ag duine mar Des an múnla a bhriseadh – bheadh sé deacair cur ina luí air go raibh seisean in chuid den “Irish Language Taliban”. Ach is féidir muid a raibh ár dtuistí agus sean tuistí gníomhach a sméaradh leis an masla sin go héasca. Ansin ní cloistear an méid atá á rá againn – táthar ag fanacht orainn sin féin a chosaint ar an mbrilléis.

    Tugann an t-alt seo le PÓl O Muirí cur síos bheacht ar an bhfadhb.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s