Albainis Uladh – teanga na sceimhle agus an airgid

Nach ait an mac an saol.  Sna 80aí agus sna 90aí bhíodh ‘scagadh pholatúil’ ar bun ag na h-údaráis ar an bpobal Ghaeilge le cinntiú nach bhfaigheadh aon dream le ceangal dá laghad le SF aon pingin rua ón Stat chiste.  Bhí eagla ar na h-údaráis go n-imeodh an t-airgead a bhí dlite le h-aghaidh seirbhisí pobail ar ghunnaí is ar armlóin don IRA. 

Anois, agus an siocháin i réim, níl siad chomh cúramach faoi mar a mhinítear san alt seo.  Is cosúil go bhfuil airgead á fháil ag banna ceoil a ghlacann páirt i bparáid chonspoideach agus atá nasctha, go h-oscailte, leis an UVF, airgead ón Crannchar Náisiúnta sa Bhreatain.  Níl fhios agam an dtagann an deontas seo faoin teideal ‘good causes’.

Agus tá grúpa eile, na Mourne Defenders, atá luaite leis an UDA, ag fáíl airgid le h-aghaidh ionstraimí ceoil – ní sceimhle nó céasadh maítear  – ón Boord o’Ulster Scots.  Deirtear go gcaithfidh gné eigean ‘Albainis Uladh’ a bheith ag baint leis an imeacht atá deontas á lorg ar a shon sara bhfaighidh siad airgead – an é an nasc leis an UDA an nasc seo dar libh? 

Tá muintir Albainis Uladh agus a n-urraithe san DUP – ag maíomh go h-oscailte go bhfuil siad ag fáil níos mó airgid ná lucht na Gaeilge anois.  Ní h-aon íontas, b’fheidir, nach féidir leis an Fhoras Teanga, mathair fhoras an Boord [agus Foras na Gaeilge] a gcuid cúntais nó tuairiscí bliantúla a fhoilsiú agus é soiléir don saol mór go bhfuil siad ag cuidiú le cur chun cinn cultúr atá bainteach le sceimhle agus seicteachas ná mar atá aige le teanga nó cultúr. 

4 thuairim ar “Albainis Uladh – teanga na sceimhle agus an airgid

  1. aonghus

    Fáth (eile) go bhfuil gá le feithicil seachas an Foras (is liathroid polaitiúl í an) Teanga chun an plean 20 bliain a chuir i gcrích.

    Chuala duine ar RnaG ar maidir ag éileamh gur cheart do Roinn an Taoisigh a bheith freagrach. Sin an-smaoineamh.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    is de thráidisiún an arsa iad na buíonta fliúit i gceantacha lucht oibre na bprotastúnach ó thuaidh. Téann sé siar i bhfad agus ba thrua deireadh a bheith leo.Is cinnte gurbh fhearr liom mo chuidse pinginí a bheith ag dul chucu na chuig an “ulster orchestra” nach bhfreastálann ach ar an mheán aicme.Molaim an Chomhairle Ealaín ó thuaidh as an mhaoíniú seo a chur ar fáil.Is ceist eile ar fad í fadhb na bparáidí ó thuaidh atá ar tí a beith réitithe le ciudiú Dé.D’fhulaing an chos mhuintir, ar an dá thaobh,go leor le linn an chogaidh ó thuaidh agus níor cheart a bheith ag maíodh a gcoda ar cheachtar acu de gheall ar réiteach

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Léargas tuisceanach uait ar an gceist seo, a Shéamuis, mar a bhionn ar gach ceist. Ach móthaím nach é sin atá i gceist leis an maoiniú seo. Creidimse nach bhfuil ann ach léargas eile ar chumhacht pholatúil an DUP an diospóíreacht faoi mhaoiniú chultúrtha a chur as a riocht le go mbeadh buíonta ceoil ‘Blood and Thunder’ ag fáil airgid go saoráideach mar seo.

    Cinnte faigheann Ceolfhoireann Uladh an t-uafás airgid ón gComhairle Ealaíon. Dá mbeadh an ceolfhoireann céanna sásta teacht, mar shampla, go Féile an Phobail agus coirmcheol a dhéanamh i bPairc Mhic Easmainn, níorbh olc é mar smaoineamh. B’fheidir gur sin síol a bhféadfaí cur i gcloigeann ár gcára, Tom Hartley, atá, mas buan mo chuimhne, ina bhall de Choiste Riartha an Ulster Orchestra. Nó bhí sé, ar aon nós.

    Tá ceisteanna eile le freagairt ag an gComhairle Ealaíon ó thuaidh agus an Boord faoin mbealach a mhaoinionn siad tograí ar bhonn pholatíúil, seachas ar bhonn ealaíona nó ar bhonn cultúr/teanga, ach fillfimíd orthu san lá eile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s