Beart de réir briathar de dhíth anois

Tá deis anois ag an dTaoiseach agus a Rialtas nua beart a dhéanamh de réir na n-oráidí breatha atá déanta aige faoin nGaeilge.  

Breis is ocht mbliain ó shin ar iompaigh an Dr. Michael Woods an fód ar Ionad Náisiúnta Oideachais don Ghaeilge ar láthair Choláiste Iosagáin i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.   Tá glúin iomlán daltaí scoile tar éis teacht agus imeacht ón Scoil Naisiúnta ó shin agus ní raibh aon buntaiste le baint acu as an Ionad seo de bharr nár tógadh é….go deimhin níor tharla tada faoi. 

Tá na hAirí Oideachais a bhí sa phost sin ó bhí an Dr. Michael Woods ann tar éis an togra a ligint i ndearmad.  Anuraidh, d’fhógair an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh sí chun deontas €1m a thabhairt le h-aghaidh Ionad Taighde don Ghaelscolaíocht a bhunú i mBaile Bhuirne. Ach fán am gur tháinig sé go foilsiú Leabhar na Meastacháin, ní raibh aon rian den airgead seo.    Agus níl aon duine fostaithe le h-aghaidh an gnó seo go fóill ag An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. 

Mar sin tá deis ann ag an Aire nua,  Batt O’Keeffe, atá tofa ina TD sa Dáilcheantar ina bhfuil Músgrai, beart a dhéanamh de réir na ngeallúintí ar fad ag a réamh chomharbaí agus ag Taoiseach an lae   

Ní ar mhaithe le Músgraí amháin a bheadh a leitheid de bheart.  Bheadh sé ar leas paistí Gaelscoile agus Gaeltachta thuaidh, theas, thoir agus thiar.  Tá gá le h-ábhair, le na h-achmhainí, na téacsleabhair, leis an oiliúint, a chuirfí ar fáil ona leitheid d’ionad.  Tá gá leo anois.

10 dtuairim ar “Beart de réir briathar de dhíth anois

  1. aonghus

    Tá rudaí eile le leigheas sa cheist seo sula gcuirtear airgead i gcothú foirgnimh.

    Caithfidh foireann cheart, íochta de réir a scileanna, a bheith ag COGG.

    Ó thaobh cruthú achmhainní de, is cuma cá bhfuil na daoine sin lonnaithe – is obair ríomhaireachta don gcuid is mó atá ann.

    Ach muna íoctar i gceart iad, ní gheobhaidh muid na daoine is fearr.

    De réir mo thuiscint, tá fostaithe ag COGG cheana nach dtig leo íoc mar is cuí.

    Maidir le hoilúint, sílim go mbeadh “Ionad Taisteal”, cosúil leis na leabharlanna taisteal de dhíth.

    Bíodh an ceannceathrú i mBaile Bhuirne, más ann is fearr – ach caithfear an oiliúnt a thabhairt go dtí na scoileanna!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras, caithfear daoine a íoc mar is ceart. Tá obair ar siúl ar Choláiste Iosagáin theana féin agus b’uafásach an rud é an obair sin a bheith déanta go fánach, gan úsáid le bheith bainte as an bhfoirgneamh. Seo ceist níos mó ná cothú foirgnimh, is todhchaí ár bpáistí atá i gceist agus ón am ar iompaíodh an fód ar an dtogra seo ocht mbliain ó shin, níl aon feabhas súntasach curtha ar na dtéacsleabhair nó ar na h-achmhainí oideachais sna scoileanna Gaeltachta nó sna Gaelscoileanna.

    Nior chuidigh Cogg le cúrsaí ach an oiread de bharr go raibh siad ag tarraingt na gcos. Ach tuigim a gcás go pointe. Tá gá leis an Ionad seo, tá gá leis na seirbhisí agus na h-acmhainí agus an taighde a dheinfear ann. Tá leathanbhanda i mBaile Bhuirne. Tá tithíocht maith ann – agus é i bhfad nios saoire ná BAC – agus tá Gaeltacht ann. Céard eile atá de dhíth?

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    a hAonghuis a chara
    is ioma bealach atá ann le cat a fheannadh ach bunaimis an tionad ar dtús agus leathnú amach as sin .B’fhéidir gur cheart do COGG á gceann oifig a bhogadh go dtí Coláiste Íosagáin laithreach le cur in iúl go bhfuil siad 100% taobh thiar den smaoineamh.Chuirfeadh bogadh radacach mar sin beocht arís san fhoirgneamh agus léiriodh sé dóchas i nGaeltacht atá lag go leor, má’s fíor á chluinim.Tá bogadh mar sin déanta ag Glór na nGael cheana féin agus iad anois i Rath Cairn.Ba cheart do COGG iad á leánúint. Leis an fhírinne a dhéanamh níor mhisde do Chonradh na Gaeilge and rud céanna a dhéanamh agus a gceann ceathrú a bhogadh go dtí an tionad céanna i mBaile Bhúirne agus fó oifig a fhágáil i mBAC.In áit a bheith ag síor tatháint ar an rialtas rudaí a dhéanamh ar á son níor mhisde do lucht na Gaeilge bogadh dá gcuid féin a dhéanamh agus dúshlán an rialtais a thabhairt iad a leánúint.Ba de bharr bunú saor raidio Chonamara a chuir an rialtas RnaG ar bun agus gan an cur chuige céanna ní bheadh Gaelscoil ar bith sa tír.Ná habair é déan é

    Freagra
  4. aonghus

    Tá Rath Cairn cúpla uair (fiú i ndroch trácht) ó BhÁC.

    Tá Baile Bhuirne i bhfad ó BhÁC.

    Cad faoi teaghlaigh na daoine atá fostaithe ag COGG?
    Tá paistí sna déaga acu; níl sé furaist do chlann a aislonnú thar oíche mar sin; fiú dá mbeadh do chéile in ann aistriú leat.

    Tá cúis mhaith gur theip ar feachtas díláraithe an rialtais, agus seo sampla eile do.

    Is cuid den Stáitseirbhís COGG. An tseanchleas atá ann; foras a bhunú chun curám a dhéanamh san rud inar ndearnadh faillí le fada – agus ansin an foras a fhágáil gan/gann ar achmhainní, agus an milleán a leagan orthu as an faillí a bheith fós á dhéanamh.

    Níl an tairgead ag COGG íoc as a fostaithe mar atá anois; caolseans mar sin go bhfostófar (nó go mbogfar, ar na cúiseanna a luaigh mé thuas) aoinne i mBaile Bhuirne.

    Cinnte, níl cosc ar aon dream teácsleabhair a fhoilsiú, anois agus (de bharr díograis an CT) na siollabias ar fáil i nGaeilge, bheadh sé indeánta.

    Ach arís, tá marbhfháisc ag an Roinn Éadochais ar seo – mar go hiondúil is muinteoirí atá ar sos ghairme a dheánann a léithéid d’obair – agus caithfidh an Roinn Éadochais a bheith sásta an sos gairme a thabhairt dóibh.

    Ní thig le gach duine bheith beo ar an gcúis!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Mar a dúirt mé roimhe, Aonghus, nílim ag easaontú gur cheart go n-iocfaí lucht COGG i gceart agus ba cheart go gcuirfí na h-acmhainní ar fáíl doibh dá réir. Ach ní doigh liom gur cheart cúramaí teaghlaigh lucht COGG bheith ina chonstaic ar dhul chun cinn ar acmhainní is eile don earnáíl seo. Mar shampla, níl aon chúis nach bhfanfadh na h-oibrithe atá fostaithe ag COGG anois i mBAC agus gur foireann nua san iomlán a bheadh i gColáiste Iosagáin. Is cinnte go mbeadh gá le h-oifig, mas fó oifig féin é, i mBAC ar mhaithe le stocaireacht is eile. Ach bheadh an obair taighde. an dearadh, an foilsitheoireacht á dhéanamh i mBaile Bhuirne dar liom.

    Tá Foras na Gaeilge ina chacstai de bharr an rud seo faoi dílarú agus is cinnte nach mó a tionchar anois i mBAC ná mar a bhí sé sarar thosnaigh siad ag tarraingt na gcos faoin mbogadh go Gaoth Dobhair. Céist tabhachach é cúramaí teaghlaigh na n-oibrithe do na h-oibrithe sin – ach céist fánach é sa mhór phictiúr agus is éard an mór phictiúr atá i gceist agam go mbeadh acmhainí oideachais na 21ú aoise ar fáíl do dhaltaí Gaelscoileanna agus Scoileanna Gaeltachta.

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    Ni lár na cruinne é BAC, a hAonghuis, cé go síleann cuid dá naitreoirí gurab ea. Tá an dearcadh céanna ó thuaidh ag Béal Feirstigh.Tá saol mór taobh amuigh de limistéirí na gcathracha móra agus níor mhisde sin a áithint.Tá igaeilge i ndhiaidh a mhíniú cad é is féidir le feidhmeannaigh COGG a dhéanamh mura bhfuil sé ar fóirstin dóibh bogadh go Baile Bhúirne.ar chuala tú ariamh faoi stáitshéirbhiseach a chaill a phost? Bíonn tréan postanna i gcónaí ann faoi ná gcoinne.Ar scor ar bith níor cheart go gcuirfeadh post agus pinsean duine bac ar dul chun chinn.Mar atá pléite cheana féin caithfear Baile Bhúrine agus Coláiste Íosagáin a shabháil sul a mbíonn sé ró mhall. Dar liom go dtiocfadh le COGG tús a chur leis an troid arais san áit da mbeadh siad sásta léim mhisniúl a ghearradh

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    An rud atáimse ag caint faoi, ní h-ea go dtógfadh múinteoirí sos gairme, chun na h-oibre seo a dhéanamh ach go ndéanfaí earcú ar fhoirean mhúinteoirí chun na h-abhair seo, na leabhair agus na h-acmhainí a ullmhú. Más ceist fostaíochta agus pinsin é, táimid i ndroch chás mura bhfuilimíd ábalta dosaen nó scór duine a fhostú chun tús a chur leis an obair seo ar mhaithe na mílte páistí atá fós le bheith ina ndaltaí.

    Níl aon dul chun cinn déanta ar an gceist seo agus COGG i mBAC mar sin de, is cuma ann nó as iad ag an bpointe seo. Níl aon chúis nach mbeadh ceann cheathrú na h-eagraíochta, an tIonad Náisiúnta Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta i Músgraí agus an eagras riarthóireachta/stocaireachta i mBAC.

    Freagra
  8. aonghus

    Agus an rud atáimse a rá, nach bhfuil airgead ag COGG chun an fhoireann atá acu anois – ceathrar, sílim, a íoc mar is ceart!

    Tuigim go maith nach é BÁC lár na cruinne.
    Ach nuair atá fréamhacha ag duine ann níl sé baileach chomh simplí bogadh as.

    Tá an Foras ina chacstaí toisc nach bhfuil fhios ag aoinne céard go baileach atá le déanamh acu.

    Ní hionann agus COGG – atá réasúnta éifeachtach mar atá siad, in ainneoin marbhfháisc an Roinn Éadóchais, ar chuid díbh iad.

    B’fhearr liomsa an t-airgead a fheiscint caite ar acmhainní daonna, agus cuma liom cá mbíonn siad, seachas ar coiriú foirgnimh, a fhanann chomh folamh ceanna agus atá oifigí an Fhorais i nGaoth Dobhair.

    Dár ndóigh, bhfearr i bhfad na daoine agus an foirgnimh a bheith ann – ach is iad na táirgí atá de dhíth. Gheofar iad gan foirgneamh, ach na daoine a bheith ann.

    Más ceist fostaíochta agus pinsin é, táimid i ndroch chás mura bhfuilimíd ábalta dosaen nó scór duine a fhostú chun tús a chur leis an obair seo ar mhaithe na mílte páistí atá fós le bheith ina ndaltaí

    Táimid. Ach is mar sin atá!

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Cad iad na táirgí atá déanta ag COGG i mBAC? Cá bhfuil siad?

    Le linn dom bheith im eagarthóir ar Lá Nua, thairg mé do COGG go mbeadh an nuachtán sásta abhar a fhoilsiú go rialta a bheadh dírithe ar na scoileanna. Cibé abhar ar mhaith leo. Sheol mé litir chuig an eagras – ní bhfuair mé freagra fiú amháín. Bhíodh sé de nós ag COGG comhoibriú a dhéanamh leis an Sunday Tribune – ní fhacthas a leitheid le tamall. [An é go bhfuil an iomarca eirí in airde ag Cogg chun comhoibriú le nuachtán Ghaeilge?] Ní bheadh aon costas ag baint leis an gcomhoibriú le Lá Nua, ní de réir mar a mhol mise ar aon nós.

    Is deis pholatúil atá i gceist anseo. Táimid ag iarraidh áiteamh a dhéanamh ar an Aire Oideachais maoiniú a chur ar fáil don togra seo, an tIonad Náisiúnta um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, de bharr go bhfuil sé ceart é a dhéanamh AGUS de bharr go bhfuil an t-ionad molta, an t-aon ionad a moladh go dtí seo, agus an t-aon ionad a bhí luaite leis an togra ó ROIMH ar bunaíodh COGG, sé sin Coláiste Iosagáin. ina Dháil cheantar, sé sin Corcaigh Thiar Thuaidh. Is buntáiste ollmhór é de réir mar a phléitear le polataíocht na tíre seo fiú sa lá atá inniu ann, taitníodh sé leat nó nach taitniodh sé leat.

    Fagfaimís na h-argóíntí atá á dhéanamh ar na ceisteanna praicticiúla ar leataobh go gcuirfimíd ina luí ar an Aire go bhfuil gá lena leitheid. Níl mise ach ag moladh go bhfostófaí na daoine SA BHREIS, na daoine ar gealladh roimhe seo agus tuilleadh nach iad, i mBaile Bhuirne. Ní raibh sé i gceist RIAMH go bhfostófaí in áit ar bith eile iad agus, déanta na fírinne, tá barúil agam gur thuig fostaithe reatha COGG gur, luath nó mall, bheadh orthu bogadh nó bhí sé i gceist ag an am ar bunaíodh COGG gur i mBaile Bhuirne a bheadh sé.

    Níl mé ag iarraidh ina fostaithe atá in áit a bhogadh. Na fostaithe NUA amháin, dar liom, a bheadh i mBaile Bhuirne. Ní miste liom na daoine atá ann a fhagaint i mBAC cé nach bhfeictear dom go bhfuil aon tairbhe á dhéanamh acu ann – níl stocaireacht eifeachtach déanta acu ar aon cheist ach an cheist nach mbogfadh siad agus, anuas ar sin, nuair a fuair siad geallúint ó Hanafin anuraidh, geallúint go mbeadh €1m ar fáil doibh, bhain siad a súile den liathróid agus níor chinntigh siad go bhfuair siad an t-airgead.

    Sin mar a fheictear domsa é ar aon nós – b’fheidir go bhfuil léargas eile agat, a Aonghuis, nó tá an cuma ar an scéal go bhfuil tú gar do COGG.

    Freagra
  10. aonghus

    Nílim gar do ChoGG, cé go bhfuil aithne éigin agam ar Mhuireann Ní Mhoráin – bhíomar beirt ag Choiste Chomhluadar ag am amháin.

    Ach tá mé ag leanacht scéil ChOGG agus Baile Bhuirne – bíonn míreanna go minic ar Adhmhaidin faoi, agus is air sin atá mo thuairimí bunaithe.

    Maidir leis an méid atá curtha ar fáil cheana:
    http://www.cogg.ie/aiseanna/aiseanna.aspx
    http://www.cogg.ie/gaeilge/foilseachain.asp

    Is i gcomhar le daoine eile a cuireadh roinnt teacsleabhair ar fáil.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s