Lamh marbh SF ag tachtadh na Gaeilge ó thuaidh….

Is minic é ráite go bhfuil saol na Gaeilge i bhfad níos gníomhaí ó thuaidh agus gur ann atá an dul chun cinn is mó á dhéanamh ar son na teanga.   Is cinnte go raibh sin fíor, ach go h-áirithe nuair a bhí sé ag brath go h-uile is go h-iomlán ar ghníomhaithe groi ar nós Séamus Mac Seáin, Gearóid  O Cairealláin, Eoghan O Néill is eile. Nior staon siad ina gcuid iarrachtaí – agus anois tá Cultúrlann ann, Coláiste Feirste, gaelscoileanna ‘na slaodaibh, staisiún raidio, nuachtán laethúil is go leor, leor eile. 

Tharla an dul chun cinn sin ar fad nuair ná raibh cumhacht ar bith ag ionadaithe pholatúla an phobail náisiúnaí.  Bhí an SDLP agus Sinn Féin ar aon san fhuacht de bharr imeallú ag aondachtaithe agus a comh-thaistealaithe sa stat seirbhís. 

Anois tá Sinn Féin ag roinnt na cumhachta leis an DUP.   Deirtear go bhfuil ‘roinnt cumhachta’ i gceist pé scéal é. 

Ach ar eigean go bhfuil an tionchar sin le feiscint ar shaol na Gaeilge.  Tá Sinn Féin, an pairtí is glórthaí ar son na teanga ó thuaidh ar feadh na mblianta, go fóill ag labhairt go poiblí ar son na Gaeilge.  Ach ní fios céard atá ionadaithe an phairtí timpeall bórd an Rialtais ag rá.  

Nó is beag tagairt a deineadh don Ghaeilge sa Phlean Rialtais a fhoilsíodh le déanaí.  Tá cead a cois tugtha do Edwin Poots, an fear ón DUP atá san Aireacht Chultúr ar dhiultaigh SF do, deireadh a chur leis an aisling go mbeadh Acht Ghaeilge ann agus, anuas ar sin, tá sé tar eis deireadh a chur freisin leis an gCiste Craoltóíreachta, ciste ar throid leitheidí Pilib Mac Cathmhaoil agus, ní miste liom a rá, mé féin ar a shon ar feadh na mblianta fada go dtí gur gheill Rialtas na Breataine i 2004. Go luath tar éis ar ghéill siad, deineadh gearradh siar ar an gciste ó £12m thar trí bliana go £12m thar cúig bliana – ach, mar sin féin, lean na leiritheoirí leo ag obair, ag súil go mbeadh feabhas ar chúrsaí agus go mbeifí ag dul i dtreo an chothromais ó thaobh maoiniú cúrsaí teilifíse de leis an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag agus le Gaidhlig in Alba de reir a cheile. 

In áit na gcéimeanna chun tosaigh seo a bheith á ghlacadh – is céimeanna ar chúl atá á ghlacadh. On mbliain seo chughainn ar aghaidh ní bheidh aon chiste craoltóireachta ann in aon chorr.  

Ní h-amháín san ach, inné, bhí dhá chomhdháil i mBéal Feirste faoi chúrsaí athghiniúint eacnamaíochta.   Ceann acu, reachtáladh é i lár an bhaile mar a bhí na mór uaisle go léir ag caint faoi infheisteoirí ó Mheircea a thiocfadh chun a gcuid milliúin dollar (díluacháilte) a infheistiú ó thuaidh.  Tá sé maith go leor ag Peter Robinson agus a chomhleacaithe bheith ag caint faoi infheistiú ach ba cheart doibh beart a dhéanamh de reir briathar.  Tá siad ag baint ón gciste craoltoíreachta chun cur i gciste núálaiochta agus tá Rialtas na hÉireann, is cosúil, sásta le leo nó tá siad ag tabhairt €60m le h-aghaidh seo. 

Bhí an Chiste Craoltóireachta – agus ní raibh sé gan locht – ag tús cadhnaíochta de ó thaobh an nua-álachta ó thuaidh….

Gan bacaint leis an gCiste Craoltóíreachta, ag an gComhdháil eile a bhí i mBéal Feirste inné, an Comhdháíl faoin gCeathrú Gaeltachta ag Coláiste Mhuire ar Bhóthar na bhFal, deineadh go leor cainte freisin.  

Bhí Uachtarán Shinn Féin,Gerry Adams, ag éileamh go mbunófaí Bórd Athghiniúna le h-aghaidh an Ceathrú Gaeltachta a fhíorú.  Maith thú Gerry.  Ná h-abair é, dein é.   Tá an cumhacht agat.  Nach féidir leat margadh eigean a dhéanamh le Mairtín Mac Aonghusa chun labhairt le Peter Robinson agus an rud seo a chur i gcrich?  Agus cá raibh Mairtín Mac Aonghusa inné?  An raibh sé ag an gComhdháil seo ar chorr ar bith? 

Tá an Ceathrú Gaeltachta ann mar eagras – ach is beag an dul chun cinn atá déanta aige le tamall anuas de bharr nach bhfuil an t-airgead ann nó an toil pholatúil i measc na bpairtithe pholatúla aon rud fónta a dhéanamh. Ní miste leo corr ráiteas a eisiúint ach ní fiú faic iad gan neart pholatúl a chur leo chun an sprioc a bhaint amach. 

De bharr neamairt Shinn Féin, mar sin, tá pairilís ar an nGaeilge i mBéal Feirste.  Tá na h-aislingí acu ach tá an saol athruithe agus cé go bhfuil a gcáirde sa chúirt, is léir gur an cluas bodhar atá á fháíl ag a n-achainí.    Fiú nuair a deir Uachtarán Shinn Féin, an fear a shuigh gualainn ar ghualainn le hIan Paisley anuraidh ar 8 Márta, gur mhaith leis a leitheid a fheiceáíl, níl toradh air.   

Ní fiú bheith ag gearán ach tá imní orm go bhfuil an spleachas ar Shinn Féin chun an beocht a thachtadh ó ghluaiseacht bhríomhar Ghaelach Bhéal Feirste má leantar leis.   Ní fheictear dom go mbeidh aon rath ar an gCeathrú Gaeltachta go dtí go gcuireann a thacadóirí brú ar Shinn Féin teacht chun tosaigh le rud eigean seachas raiteas aislingeach. 

Ní fiú bheith ag cur an locht ar Edwin Poots ón DUP, faoi mar a dheineann Pilib Mac Cathmhaoil inniu i Lá Nua. Tuigim frustachas Pilib – ach ní féidir bheith ag súil le rud ar bith eile ó leitheidí Poots.  Cad a dheineadh madra rua ach cearc a mharú!   Sinn Féin a chur ann é agus ba thubaist é sin ní h-amháin don Chiste Craoltóireachta, don Cheathrú Gaeltachta, don Acht Ghaeilge ach, fosta don phobal Ghaeilge.  Dá luaithe a thuigeann SF gur tubaist é don phairtí sin freisin, sea is fearr é. 

 

 

 

3 thuairim ar “Lamh marbh SF ag tachtadh na Gaeilge ó thuaidh….

  1. jake

    9 bealtaine 2008
    Aontaighim go huile is go hiomlan leat. Ach an mbeadh an SDLP aon rud nios fearr. Muna bhfuil an comhacht ag Sinn Fein an mbeadh an comhacht ag an SDLP???

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    bhí mé as baile ar feadh cúpla lá agus gan teacht agam ar an idirlín agus tá mé ag iarraidh breith aniar ar na scéalta uilig atá ar an bhlag fíor spéisiúl seo.I dtaca le SINN FÉIN de ní fiú a bheith ag gearáin, mar a deir tú,níl ann ach páirtí polaitiúl eile ( agus páirtí iontach beag mar a thárlaíonn sé) nach í cur chun chinn na Gaeilge an chloch is mó ar a pháidrín aige.Cá bhfuil an páirtí i nÉirinn a bhfuil cuspóir ceart athréimiu teanga aige? Is féidir nach é SINN FÉIN an páirtí is measa ó thaobh sin de ach tá an ceart ar fád agat nar cheart do Ghaeilgeoirí barraíocht iontaoibhe a bheith acu as páirtí amháin seachas a chéile.Is ceart do Ghaeilgeoirí déanamh ar a son féin seachas a bheith ag gearáin fá na pairtithe polaitiúla nach dtuigeann ár gcás.I dtaca leis an chiste craoltóireachta de, ní trath caointe é ach oiread. Cuireadh roinnt milliúin punt isteach san earnáil le blianta beaga anuas agus mura bhfuil na comhlachtaí a bhain tairbhe as an airgead sin ábalta faoin am seo dul amach agus tuilleadh oibre a fháil ar á gconlán féin gan deontas tá rud éigin cearr.Moladh amháin. Má tá Edwin Poots ag diúltú tacú le scannánaíocht Ghaeilge nar cheart dona comhlachtaí teilfíse dul chuig na rannóga ” náisiúnacha” ó thuaidh agus commisiún a iarraidh do chlár Ghaeilge ar shábháilteacht bhóthair( Conor Murphy)nó clár oideachais do dhaoine óga ( Caitríona Ruane),nó clár ar mhí úsáid drugaí( Margaret Ritchie) choinneochadh sé sin na déantóirí scannáin gnóthach ar feadh píosa.

    Freagra
  3. Pól O ceallaigh

    Tá an ceart agat agus tú ag rá gur cluas bodhar atá á fháil ag SF. Ní amháin ó thaobh na Gaeilge de dar liom, ach in achan rud eile.Tá cuma ar an scéal gur ‘pushovers’ iad mar pholaiteoirí dairíre nar sheas siad a fhod go dtí seo ar rud ar bith fiúntach.

    kellmór.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s