Taoiseach agus Comh-Aireacht nua

Tá Taoiseach agus Rialtas nua againn. [Ar thug sibh faoi ndeara go bhfuil an aimsir imithe i bhfeabhas le cúpla lá anuas?]

Ar ndóigh niorbh aon íontas é gur toghadh Brian O Comhainn ina Thaoiseach i gcomharbacht ar Bhertie Ahern.  B’é a bhí roghnaithe ag laoch Dhrom Chonrach mar chomharba.  Rith sé liom gur comhtharlúint aisteach é gur insealbhaiodh Uachtarán úr na Rúise inné freisin, Medvedev is ainm do agus is é rogha Vladimir Putin.  Níl Putin sásta a bheith ina phuipéad mhaistir ag stiuradh cúrsaí agus é as radharc – beidh seisean ina phríomh aire nua!   In Éirinn táim réasúnta cinnte go n-imeoidh Bertie as radharc agus ní doigh liom, ar chúis eigean, go mbeidh an Taoiseach nua ina phuipéad aige – nó ag duine ar bith eile. 

Chuir sé áthas orm gur chuir sé tús arís eile lena oráid i nGaeilge – agus go raibh rud eigean le substaint le rá aige seachas an chúpla focal siombalach.  Theana féin, táim ag ceapadh, go mbeidh iriseoirí le Gaeilge á lorg ag foirne pholatúla na nuachtáin laethúla Béarla.  Is rud tabhachtach í an Ghaeilge ag an Taoiseach nua agus aon eagarthóir nach n-aithníonn sin fán dtrath seo, beidh daor air nó uirthí. 

Maidir lena rogha airí, bhuel is cinnte gur buioch a bheidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta do faoin ísliú céime atá faighte ag Mary Hanafin.  Ni h-é gur thosnaigh nó gur chriochnaigh na fadhbanna ag an Roinn Oideachais lei ach is cinnte nár chuidigh an cluais bodhar a thug sí do lucht na Gaeilge agus an béal bhán a léirigh sí leis an scéal.  An mbeidh Batt O’Keeffe pioc níos fearr?  Níl fhios agam.  Is cabhair é, b’fheidir, nach bhfuil sé ag iompar an bagaiste céanna a bhí á iompar ag an Aire Hanafin.    Táim díreach tar éis stracfhéachaint a thogaint ar bhlag Bhatt – sea tá blag aige – agus deir sé ansan gur léachtóír cumarsáide é agus, anuas ar sin, go bhfuil an BA/Ard Teastas Oideachais aige.  Mar sin tá tuiscint aige ar chúrsaí oideachais. 

Os rud é gur i gCorcaigh Thiar Thuaidh a toghadh é an uair dheireannach, is cinnte go mbeidh muintir Mhúsgraí, atá suite sa Dáilcheantar sin, ag iarraidh air féachaint aris ar chás Choláiste Iosagáin i mBaile Mhuirne mar ionad náisiúnta don oideachas Ghaeilge agus Ghaeltachta.   Mas é sin an bealach a oibríonn an pholataíocht sa tír seo, ní mór é a chur ag obair ar son na Gaeltachta. 

Os ag caint ar chúrsaí na Gaeltachta atáimíd, táim cinnte gur ligeadh osna faoisimh ó na Dúnaibh go Dún Chaoin, ó Rath Chairn go dtí an Rinn agus ó Charna go Cúil Aodha go bhfuil Eamon O Cuív fagtha ina phost ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.  

Agus ní lú an liú athais ar chualathas sna criochaibh céanna, go h-áirithe i dTír Chonaill timpeall ar Ghleann Cholmcille, de bharr ceapadh Máire Ní Chochláin mar Thánaiste agus mar Aire Fiontair is Trádála. 

Ní dócha go raibh an Ghaeltacht nó an Ghaeilge riamh chomh cumhachtach ag bórd an Rialtais.  An cheist anois ná conas mar a usáidfear an cumhacht sin….

 

 

2 thuairim ar “Taoiseach agus Comh-Aireacht nua

  1. aonghus

    “This blog is under construction – please check back again soon” atá scríofa ar a bhlag.

    Is beag gaeilge atá le feiscint ar an suíomh, agus déarfainn gur baill foirne dá chuid atá ina mbun.

    Beidh le feiscint. Ach beidh sé níos fusa ar aghaidh nua tarraingt siar ón gciorclán, go háirithe agus an rud ós comhair cúirte.

    Tá ceist fós ann foain gcomhairle Dlí a fuair Mary Hanafin ar an gceist, agus nár foilsíodh fós.

    Freagra
  2. amhlaoibh ó hiodrascail

    Ceangal suimiúil idir sciathán leathar Ó Cuív agus Coláiste Íosagán

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s