RTÉ ag seoinínteacht leo…

Faoi dheireadh an lae inniu, beidh Taoiseach nua ar an dtir agus comhaireacht ina mbeidh roinnt aghaidheanna nua freisin is cosúil. 

Ní fheadar mar gheall ar dhuine ar bith agaibhse ach tá an mí atá díreach caite tar éis bheith an fhada ar fada, an mhí ó d’fhogair Bertie Ahern go mbeadh sé ag eirí as oifig.  An slán fhada a bhí ann gan aon amhras. 

Tugaim súntas freisin don tuairisciú tuirsiúil a deineadh ar an imeacht seo.  Bhí, ar ndóigh, tuairisciú beo ar an bpreas ocaid ag a bhfógair sé an cinneadh i mí Aibreán, ar a lá dheireannach sa Dáil, ar an dturas go Washington, ar an oráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ansin. Anuas ar sin, inné deineadh tuairisciú beo beathach ar a thuras chun láthair Chath na Bóinne chun an t-ionad ansin a d’oscailt, gualainn ar ghualainn, claíomh le claíomh, leis an tUrramach Ian Paisley, fear eile atá ag eirí as go luath. 

Ansin bhí an turas go hAras an Uachtaráin, áit ar shínigh sé a litir eirí as agus ar thug sé ar láímh don Uachtarán, Máire Mhic Giolla Iosa, séala a oifig.  Ansin tháinig sé amach, ghabh sé chuig a charr agus, go tobann, d’iompaigh sé ar a shála agus ghabh sé buiochas agus slán leis na meáin a bhí á leanúint [á ghéarleanúint] le blianta fada. 

Ar maidin inniu, agus é go fóill ina Thaoiseach, ag an ocáid dheireannach dheireannach dá réimeas, thug sé omós do cheannairí 1916 ag Cnoc an Arbhair.  Dúirt sé gurb é seo rud ar theastaigh uaidh a dhéanamh de bharr an gean is an meas a bhí aige ar na laochra seo. 

Seo an t-aon ocáid nár deineadh tuairisciú beo air ar an dteilifís. 

Cén fath?  

Seo leid.   Agus é ag tabhairt cúntais ar imeachtaí dheireannacha an Taoisigh sa dhá lá seo, dúirt Eagarthóir Pholatúil RTÉ, David Davin Power, faoin ocáid áirithe seo gur ocáid é a bheadh lucht tacaíochta an Taoisigh – ní h-ionann sin agus saoistí nuachta RTÉ is cosúil – go mór ar a shon.   Shíl mé gur mhothaigh mé an tón tarcaisne ina ghlór.  

Cad é bhúr meas ar sin a chairde?  Ar cheart go mbeadh íontas orainn?   

Aon tuairim amháin ar “RTÉ ag seoinínteacht leo…

  1. Cuairteoir

    Ba cheart gearán eile a dhéanamh leis an chraoltóir náisiúnta – is ag dul in olcas atá siad!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s