Ilteangachas – dán le Dairena Ní Chinnéide

File don nua aois í Dairena Ní Chinnéide, scríobhnóir atá suite i gCorca Dhuibhne ach atá freisin ag obair mar theangaire sa Bhruiséal.  Tá leabhar nua filíochta seolta aici, Máthair an Fhiaigh/The Raven’s Mother.  Tá sé ar fáil ó Chló Iar Chonnachta agus i ngach siopa leabhar le dealramh. 

Seo dán ón leabhar a thugann léargas dúinn ar a cuid saothair agus léargais. 

Ilteangachas

le Dairena Ní Chinnéide

Ceol teangan sa chluais

Briathra coimhthíocha

ón tSualainn, an Mhailt

An Eastóin, Laitvia, an Iodáil

Trí theanga is fiche

Is Gaoluinn bhinn bhlasta

Ina measc

Ar chomhchéim ag gach 

Cor is casadh

Ar úrlár na Pairliminte

Fiafraíonn bean ón Romáin

An canúint den Bhéarla

An ceol atá ina cluais

Ní h-ea ach mo theanga dhúchais

A deirim

Is uaibhreas im ghlóir.

 

Os rud é go bhfuil an fonn filiochta seo orm, seo chughaibh ceann amháin eile atá gonta agus ealaíonta. 

Na Teangacha 

le Dairena Ní Chinnéide

 

Bhí trí shruthán ag sileadh

I gcluais an éisteora

Is Túr Bhaibéil ar lasair le

Filíocht na bhfocal

Ag cruthú taibhrimh ilteangacha.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s