TG4 agus RTÉ RnaG ag aighneas

Nach bhfuil sé thar a bheith aisteach go bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil RTÉ RnaG agus TG4 ag aighneas faoi cé acu ar cheart craoladh beo a dhéanamh ar phríomh chomórtas Oireachtas na Gaeilge, Corn Uí Riada.    

Chreid mé i gcónaí go raibh abhar clár teilifíse beo ann – agus anuraidh bhí clár de short eigean, clár ná raibh isteach i halla an chomórtais ach lasmuigh.  Clár brea a bhí ann.  

Ní thuigim cén fath nach mbeadh an dhá chlár ann – clár beo raidio agus clár beo teilifíse.   Agus ní thuigim cén fath nach bhféadfadh TG4 agus RnaG comhoibriú ar an gceist.   

3 thuairim ar “TG4 agus RTÉ RnaG ag aighneas

  1. aonghus

    Meas tú an iarsma den spite feamainne é de bharr gur bhain TG Fóir neamhspleachas amach, agus go bhfuil muintir Chasla fós ar an iall ghairid ag RTÉ?

    Níl aon airgead dá gcuid féin ag RnaG – tá ag TG4. Más rud é go dtuigim an cheist i gceart, tá muintir an Oireachtais ag lorg airgead ar rud a bhí saor in aisce go dtí seo ag RnaG. Thuiginn dóibh cantal áirithe a bheith orthu dá bharr.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní h-amháín sin ach bhí RnaG ag déanamh urraíochta ar an gCorn – agus anuas ar sin bhí siad ag caitheamh go leor airgid ar an ocaid ina h-iomláíne, idir foireann agus eile bheith suite ar an láthair.

    Ba bhrea an rud é dá mbeadh ciall i measc na gcraoltóirí ar fad. Ba bhrea an rud é dá mbeadh Wimbledon beo as Gaeilge agus Craobh Iomána na Múmhan ar TG4. Ba bhrea an rud é …..

    Freagra
  3. aonghus

    Ní bheidh deireadh riamh leis na rudaí breátha!

    Tá súil agam go mbeidh réitheach air a chuireann le suim an phobail i gcoitinne san Oireachtas – agus is dócha gur gá fís dó sin. Ní dóigh liom go bhfuil mórán neamh- nó leath- ghaeilgeoirí a bheadh ag éisteacht le RnaG, agus tharraingeoidh an fís isetach roinnt.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s