Imeacht gan teacht ort, a Aire

Agus Brian Cowen ag déanamh a chinntí deireannacha inniu, ní foláir, faoin gComhaireacht úr, níor mhiste liom a rá, ós ard, gur mhaith an rud é dá smaoineodh sé ar an Aire Oideachais a bhogadh…..go carraig aonair taobh thiar de Thóraí. 

Léiríonn an scéal is déanaí ag Lá Nua ar maidin inniu nach bhfuil suim dá laghad ag Mary Hanafin feabhas a chur ar an gcóras oideachais; a cur féin chun cinn an cloch is mó ar a paidrín. 

Deir sí nach bhfuil aon taighde ann a mhaíonn go bhfuil droch thionchar ar shealbhú na Gaeilge ag módh múinte seachas an luath thumoideachais iomlán.    Léiríonn an coras oideachais le 80 bliain anuas bréag an mhaíómh sin.    Is é an fhírinne ná go léiríonn gach taighde gur ar leas thuiscint agus fhoglaim an Bhéarla é an tumoideachas Ghaeilge.   Ach an dtugann an tAire Hanafin súntas ar bith don taighde sin?   

Imeacht gan teacht uirthí!

2 thuairim ar “Imeacht gan teacht ort, a Aire

  1. aonghus

    Áimean.

    Tá sí tar éis í fhéin a thochalit chomh doimhin isteach i bpoll ar an gceist seo nach mbeidh leigheas in ndán mura ó na cúirteanna é, nó malairt aire. B’fhearr liom malairt aire (agus foireann na roinne, gan amhras, más is ann atá an freasúra)

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s