I gCuimhne Bobby Sands


Íomhá Bobby Sands ar mhúrphictiúr chlúiteach in iarthar Bhéal Feirste

 

Cothrom an lae seo i 1981 a bhasaigh Bobby Sands i gCampa Géibhinn na Ceise Fada tar éis 66 lá ar stailc ocrais agus é ag lorg, ar a shon féin agus ar shon a chomrádaithe, stadas pholatúil.   Dúradh sa phreas ráiteas a d’eisigh Oifig Thuaisceart Eireann go bhfuair ‘Robert Sands’ bás an maidin sin.  Dúradh sa ráiteas go raibh sé tar éis lámh a chur ina bhás féin tré bia agus deoch a dhiultú.   Níor tugadh aon aitheantas dá stadas mar Fheisire tofa Fhear Mánaigh agus Tír Eoghain Theas i bPairlimint Westminster. 

Geall leis 30 bliain níos faide anonn, tá siocháin, de short, i réim de bharr ibirtí Sands agus a chomrádaithe.  Ní bheadh SF – nó dream ar bith eile – ag bórd an Rialtais ach sin.   Sin an rud a chreidim ar aon nós cé gur ait an mac an stair. 

Tá barúil eile agam freisin:  Creidim ón meid a chuala mé faoi Bobby Sands ó chomrádaithe agus a léigh mé faoi agus ina lámh go mbeadh aiféaltas mór air faoin easpa coimitmint ó Shinn Féin faoi chearta Gaeilge.  Ní bheadh sé sásta, creidim, go bhfuil an pairtí ag ligint i ndearmad ceann dá bhun spriocanna agus iad anois i gcumhacht. 

Ní h-é go bhfuil sé i gceist agam clarú le dream phoblachtach easaontach ar bith – ach creidim go bhfuil SF, ag an libhéal an Fheidhmeannais, beag bheann ar an nGaeilge agus in ainneoin iarrachtaí leitheidí Gerry Adams, fiú, níl siad sásta dul sa bhearna baoil fiú le cás na Gaeilge a chur ar bhealach nach féidir leis na hAondachtaithe diultú.  

Creidim mar shampla gur cheart go mbeadh Sinn Féin i bhfad níos cúramaí faoin gComhdháil Infhéistíochta atá le reachtáil an tseachtain seo i mBéal Feirste.  Agus Feidhmeannas an Tuaiscirt ag iarraidh airgid a mhealladh chun tionscail nua a bhunú ó thuaidh, trath go bhfuil lagtrá domhanda ann, tá Feidhmeannas an Tuaiscirt den tuairim go meallfaidh siad cúpla púnt/post suarach ó Mheirceá. B’fhéidir é.  Ach cúpla bliain ón am seo, nuair a bheidh deireadh leis an deontas nó an liúntas cánach, imeoidh na poist sin soir go hOirthear na hEorpa nó chun na hAise.   

Ag an am chéanna, de bharr cinneadh Edwin Poots, cinneadh nach bhfuil dúshlán tugtha do, de reir dealraimh, ag SF ag libhéal an Fheidhmeannais deireadh a chur leis an gCiste Craoltóireachta, caillfear slam mór postanna san earnáil cruthaitheach seo, earnáil ar eirigh leis tionscal scannánaíochta an Tuaiscirt a chur i bhfráma na hOscars le “Kings”.   Gach seans go mbeidh an dream a chailleann na postanna luachmhara sin ag obair i McPost eigean le glaolann a bhunófar mar thoradh ar an gcomhdháíl deireadh seachtaine seo. 

Guím gach rath, áfach, ar an gComhdháíl eile atá á reachtáíl maidir le Ceathrú Gaeltachta Bhéal Feirste Thiar.   Dá mbeadh rath ar Ghaeltacht Iarthar Bhéal Feirste, ceantar dhúchais Bobby Sands, bheadh omós mar is ceart tugtha do laoch Chíll Uaighe. 

Freagra