Iosrael ag 60

Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhlath, fiche bliain ag meath agus fiche bliain gur cuma tú ann nó as. 

Is é sin an tomhais saoil atá ag an gnath dhuine de reir an sean fhocail – ach conas mar a sheasann sé i dtaobh náisiúin nó tíortha nó stáit. 

Táim ag tabhairt seo chun cuimhne de bharr go dtuigim ó na tuairiscí sna meáin go bhfuil trí scór bliain slánaithe ag Iosrael an tseachtain seo, Iosrael na linne seo más fearr libh. 

Tá go leor bainte amach ag Iosrael ó bunaiodh é tre forneart agus díbirt i 1948.  Tír neamhspleach í atá timpeallaithe ag stait Arabacha atá meaite ar í a ghlanadh ón léarscáil ach nach ndéanfaidh amhlaidh de bharr go bhfuil An Buama ag Iosrael.  Fiú nuair nach bhfuil an buama á úsáid aici, is í an lasair sa bharrach sa reigiún. Is í an inion drabhlasach, dar le hArabaigh, nach bhfuil fáilte roimpí ar ais. 

Bionn Gaeil i gcónaí ag moladh Iosrael as an éacht a dearnadh sean teanga arsa na nIudach a thabhairt ar ais.  Ach deineadh athbheochan ar an Eabhrais ar bhealach nach doigh liom a thabharfaí athbheochan a dhéanamh ar an nGaeilge.  Brúdh na Pailistínigh amach, díbríodh bailte iomlána agus eile le spás a dhéanamh don phobal nua.  Deineadh cinneadh ag an libhéal is airde in Iosrael an Eabhrais a thabhairt ar ais agus cuireadh i bhfeidhm an cinneadh go h-udarásach agus go ceannasach.  Ní raibh aon comhgheilleadh ná cós isteach, cós amach.    

Ar ndóigh ní h-é sin an eispearas a bhí anseo in Éirinn.  Samhlaigh dá mba é – an mbeadh gluaseacht an Bhéarla againn in Éirinn inniu mar atá gluaiseacht na Gaeilge, an teanga mionlaigh a bheadh sa Bhéarla? 

An mbeadh Gaeil sásta le sin?  

Ar aon nós, lá breithe shona Iosrael!

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s