Foras na Gaeilge = an ball is laige

D’fhéach mé ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge le déanaí chun seiceáil cé acu an raibh aon tuairisc bhliantúil éisithe acu ó eisíodh tuairiscí 2002/3 anuraidh.   Beag an bhaol – is féidir féachaint tú féin anseo. Neosfaidh sin duit gur beag an dul chun cinn atá déanta ag an bhForas – Foras na Gaeilge nó a leathbhadóir an Boord o’Ulster Scotch/Boord o’Orang mar a thugaimse air. 

Is mór an náire d’eagras phoiblí ar nós an Fhoras nach bhfuil a leitheid déanta acu agus go bhfuil siad chomh fada sin ar chúl ag comhlíonadh dualgaisí reachtúla dlithiúla.  

Ag an deireadh seachtaine freisin, bhí agallamh le Cathaoirleach Bhord an Fhorais, Liam  O Maolmhichíl, i bhFoinse.   inar dúirt sé go m’bhfeidir go bhfuil gá le níos lú eagrais Ghaeilge.  Ag freagairt cheist faoi na h-aighnis, ó am go cheile, idir an Fhoras agus na h-eagrais, a bhí an tUasal O Maolmhichíl. 

B’fheidir go gcuirfeadh sé íontas ar an tUasal O Mhaolmhichíl a chloisteáil, nó níl sé ach imeacht i mbun a chúram le déanaí, gurb é Foras na Gaeilge an ball is laige sa chothromóid.  

Agus sinn ag caint ar Foinse, níl coip an agallaimh seo le fáíl go fóill.  Ach tá podchraoladh anois ag Foinse – is féidir teacht air anseo.  Is deas a fheiceáil go bhfuil Foinse ag tabhairt faoin gceannródaíocht céanna a bhíodh ar bun ag Lá Nua, an chéad nuachtán Eireannach a rinne podchraoladh den chineal seo.      Maith sibh Foinse – agus tá súil agam go leanfaidh sibh oraibh ag foghlaim ó Lá Nua….

 

7 dtuairim ar “Foras na Gaeilge = an ball is laige

  1. aonghus

    Cumasc aisteach is ea Foras na Gaeilge. Freagrach as stocaireacht faoi polasaí, agus faoi polasaí a chuir i bhfeidhm, agus dáileadh deontais.

    Agus ó tharla dhá pholasaí a bheith i gceist, tá an rud níos casta fós.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Is údar díomá dom chomh lag is atá an Fhoras i mbun cur chun cinn na Gaeilge. Níl aon spéis acu i rud ar bith ach cur chun cinn Fhoras na Gaeilge – agus is laige an Fhoras agus an Ghaeilge dá bharr seo. Níor léirigh siad splanc samhlaiochta ó bunaíodh iad – díreach cosúil le Bord na Gaeilge rompu sa chaoi sin.

    Ar aon nós, mar a dúirt an t-é gur dúirt, a Fhorais na Gaeilge, is tú an ball is laige, tá sé in am duit imeacht ón mbórd….

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    níl san fhoras ach eagraíocht agus níl struchtúir na heagraíochta nios fearr ná nios measa na aon eagraíocht eile.Níorbh é an foras a chuaigh ó rath ach na comhaltaí dar dual a fhorbairt.Níor tugadh cinnireacht na treor mar ba cheart do na feidhmeannaigh lán aimseartha ariamh agus tá a shliocht air mar eagraíocht.An rud a b’fhearr a dtiocfadh leo a dhéanamh ag an am seo ná cuntais airgid, thuas chun dáta, a fhoilsiú le go bhfeicfimis cá ndeachaidh an tairgead agus arbh fhiú an tairbhe an caiteachas.Ansin is féidir go dtiocfadh leis an chuid againn atá ag amharc isteach ón taobh amuigh moltaí a dhéanamh.Ach in éagmais na gcuntais is mistéir mhor í gníomhaíocht an eagrais.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Is seafóid é nach bhfuil na caipéisí tabhachtacha seo foilsithe ag an bhForas ach an oiread. Dá mbeadh a fhios ag an Sunday Independent, nach acu a bheadh an spórt!

    Anuas ar sin, le deanaí, d’fhoilsíódh miontuairiscí cruinnithe na bliana seo chaite den bhForas. Is féidir teacht ar an suíomh seo ag http://www.gaeilge.ie. Dúradh i miontuairisc amháín go raibh ball den Fhoras, P Ó Duibhir, ag eirí as ach gur aontaigh sé GAN LABHAIRT leis na meáín faoin údar a thug air eirí as.

    Nach aisteach san? Bí ag caint ar thré dhearcacht agus oscailteacht.

    An bhfuil rud eigean á chelt ag an bhForas seachas mi éifeacht agus mí chumas?

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Seo an tagairt beacht ó chruinniú 10 Nollag 2007. Ní miste a lua go raibh athrú boird ann ag an am seo ach go fóíll bheartaigh an tUasal O Duibhir eirí as. Gach seans go mbeadh sé imithe pé scéal é de reir an ghnath phroisis.

    01.62 MIONTUAIRISCÍ DEN 2 SAMHAIN 2007.
    Ghlac an Bord leis na miontuairiscí agus shínigh an Cathaoirleach iad.
    NITHE AG ÉIRÍ AS NA MIONTUAIRISCÍ.
    Ócáid an Uachtaráin
    Thréaslaigh an Cathaoirleach le gach duine a bhí bainteach leis an ócáid a
    eagraíodh i Leabharlann Chester Beatty ar 30 Samhain.
    An Gaeláras, Doire
    D’fhág G. Ó hEara an cruinniú don mhír seo mar gheall ar bhaol choimhlint
    leasa.
    Chuir an Príomhfheidhmeannach in iúl gur scríobh sé arís chuig na Ranna
    faoin tearc-chaiteachas ar an tionscadal seo do na blianta 2006 agus 2007 a
    bheith ar fáil don Fhoras i mbuiséad 2008. Bhí an Bord i bhfabhar síneadh
    ama a cheadú go dtí deireadh 2008 ach an maoiniú nár tarraingíodh don
    tionscadal sna blianta 2006 agus 2007 a bheith ar fáil don Fhoras.
    Thagair P. Ó Duibhir do chomhfhreagras a chuir sé chuig Cathaoirleach an
    Bhoird agus chuig Cathaoirleach an Choiste Iniúchta agus do chomhfhreagras
    a bhí aige leis an Aire. Chuir sé in iúl go raibh i gceist aige éirí as an Bhord.
    Chuir sé in iúl leis nach raibh i gceist aige aon teagmháil a dhéanamh leis na
    meáin ná aon ráiteas a éisiúint faoin cheist.

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    caithfidh sé go raibh rud éigin trom chúiseach ag cur as don uasal Ó Duibhir nuair a rinne sé teangbhail leis an choiste iniúctha.An cas é seo don acht um saoradh fáisnéise?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s