Ro shean do Nós*

nós na mosa seo ar fáil anois

Maith sibh, lucht Nós*, as sar eagrán eile a fhoilsiú. Sibhse todhchaí na h-iriseoireachta/foilsitheoireachta Gaeilge scríofa gan aon amhras.

Cé go bhfuil Comhar imithe as cló, faoi láthair, is léir nach ceart an feartlaoi a scríobh go fóill nó tá fógra ag lorg eagarthóra i Lá Nua inniu (sé sin le h-aghaidh Comhar ar eagla na mí thuisceana).

Sílim féin go bhfuil gá le réimse irisí agus dá fheabhas é Nos*, is iris é do dream níos óige. Ní miste liom uachtar reoite nó t-léinte mar shampla – ach, ag m’aois, ní théann an dá rud le cheile agus má itheann tú an iomarca de cheann amháín, ní fiú duit dul ag lorg an ceann eile….. Tá an Cailín sa Chathair spéisiúil agus taithneamhach lena léargas leapan ar an tsaol. Is cinnte go bhfuil an ceol agus mar sin ar fheabhas i Nós. Níl locht agam air mar thairge dá mhargadh. Ach – ach – ach – is cinnte go bhfuil gá le h-iris, bíodh sé ar an idirlíon nó mar iris clóite, cé nach dtaithníonn liom airgead a chur amú ar iris chlóite (cló agus eile) nuair is féidir iris toirtiúil agus téigeartha a chur ar an líon, atá dírithe ar dhream nios sine, iris ina bhfuil polataíocht agus cúrsaí reatha, cultúr agus filiocht is eile ann.

Tá gá le réimse irisí – leaganacha Ghaeilge de Garderners World Womans Weekly agus Loaded – an oiread céanna i nGaeilge is atá i mBéarla. Ní dócha go mbeidh an samhalaíocht ag an bhForas iad a mhaoiniú.

Ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil gá leo.   

Cad faoi LMAG [Lads Mean Aosta Grumpiáilte] a thabhairt ar an iris atá im cheann agam?  

Go n-eirí le Nós* – tá sibh ag déanamh an jab – agus leanfaidh mé á léamh agus ag baint suilt as, go h-airithe an Cholúnaí Chollaiochta!

4 thuairim ar “Ro shean do Nós*

  1. aonghus

    ar aghaidh leat
    Tá na scileanna agat.

    Seans go bhfeadfaí drong againn a earcú ón sibéarghaeltacht.

    Muna bhfuil i gceist leagan clóite a fhoilsiú, níl aon ró chostas ag baint leis.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá na hirisí maith go leor is dócha ach chuir me féin suim mhór ins trachtaireacht bheo a rinne tú ar chomhdhail Bhaile an Róistigh.nuacht beo,dá chraoladh ar fud na cruinne an uair a bhí sé ag tarlú, sin réabhlóid chumarsáide nach féidir leis na meáin chlóite dul i gcomórtas leí.An amhlaidh gur sin an “smaoineamh mór” a raibh lucht blaghadóieachta ag fanacht leis le nach mbéimís ag brath ar chló feasta? Arbh fhéidir gréasán de thuairisceóirí a aimsiú a bheadh sásta agus abálta an rud céanna a dhéanamh in á gceantair féin ar fud na tíre/cruinne ? Bhí cúpla rud sa tsíúl anseo i mBéal Feirste aréir nar mhisde liom a bheith láthair ach nach dtiocfadh liom.Nar dheas a bheith i láthair ar an bhlagh mar a bhí mé i mBaile an Róistigh? Cád é bhur dtuairim

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s