Cúig Mholadh Éasca V – Suíochán na Gaeilge ag an mBórd Ard?

B’fheidir go mbeadh port Mhary mar Aire Oideachais seinnte an tseachtain seo chughainn.  Ach go fóill nil sí ach ag ‘ceol’ an t-aon phort amháin i dtaobh tumoideachais.  De reir agallaimh ar Adhmhaidin ar maidin inniu, tá sí go fóill ag maíomh nach bhfuil sí ach ag maíomh ach go múinfeadh na Gaelscoileanna an siollabas iomlán, agus go gcuireann sin san áireamh leath uair Bhéarla in aghaidh an lae.   San agallamh dúirt sí go raibh an cinneadh seo uaithi – Imlitir 0044/2007 – bunaithe ar an gcuraclam ar aontaigh na pairtithe soisialta i 1999.  Mór an trua nár tugadh fórsa an dlí don Curaclam céanna mar sin.  

Anuas ar sin tógann sé ceist.  Cuireadh ceist ar gach aoinne eile – ach amháin pobal na Gaeilge – faoin gcuraclam seo.  Ar chúis eigean níl cathaoir ag Pobal na Gaeilge ag bórd na bpairtithe soisalta.   NACH BHFUIL SÉ IN AM GO MBEADH!

In áit bheith ag teacht le chéile gach 30 bliain chun plean a chur le cheile chun an Ghaeilge a tharrtháil ó leaba an bháis, arís is arís eile, nár cheart dúinn éileamh simplí amháin a chuir chun tosaigh:  is é sin ná go mbeadh ionadaíocht ag pobal na Gaeilge/Gaeltachta – ar a laghad suíochán amháin – ag bórd na bpáirtithe soisialta. 

Is cinnte gur luadh an Ghaeilge sna pleananna atá an creidiúint á thabhairt doibh gur eirigh leo an Tiogar Cheilteach a mhúscailt go dtí seo – ach de bharr ná raibh aon ionadaí ag an mBórd Ard nuair a chuathas ar ais chun measúnú a dhéanamh ar chomh maith is ar eirigh leis an sean phlean (nó nár eirigh leis), ní raibh aon duine ann le rá gur fhagadh geallúintí na Gaeilge gan chomhlíonadh arís.  

Tá an oiread ceart ag pobal na Gaeilge ar guth ag an mBórd Ard seo is atá ag IBEC nó ICTU.   Tá sé in am sin a chur in iúl. 

 

3 thuairim ar “Cúig Mholadh Éasca V – Suíochán na Gaeilge ag an mBórd Ard?

  1. séamus Mac Seáin

    moladh fónta gan amhras ,a choncubhair,ach nuair atá muid ina cheann b’fhéidir gur cheart do lucht na Gaeilge ionadaíocht a iarraidh ar bhord Fhoras na Gaeilge, áit a roghnaíonn na pairtithe polaitiúla ( agus cuid acu sin naimhdeach don teanga )na baill uilig.Níor mhisde a fhiafraigh de chomhaltaí an Fhorais reatha an bhfuil siad go léir i bhfathach leis an teanga a áth-réimiú sa tír.Is féidir go gcuirfeadh an freagar a gheobhaimís iontas orainn

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ná labhair faoin bhForas – go fóíll níl na cuntais le h-aghaidh 2004 foilsithe acu. Táim ag caint ar ionadaíocht ag an mBord Ard, an áít a deintear na gcinntí. Ní fiú bheith ag cur ama amú leis an bhForas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s