Ceisteanna, ceisteanna

Roinnt ceisteanna a eascraionn ó chruinniú na h-oíche aréir in Ostán Bhaile an Róistigh:

  1. Cén uair a bheidh an pleán seo reidh le cur i bhfeidhm? Tá sé i gceist, de reir chaint oifigigh de chuid na Roinne, go ndéanfaí an phlean seo a dhréachtú le linn an tSamhraidh, tar éis na gcruinnithe seo, agus go mbeadh an dara proiseas comhairliúcháín ann faoi Meán Fomhair/Deireadh Fomhair. Ansin beidh proiseas eile dréachtaithe ann chun an caipéis criochnaithe a ullmhú. Cuirfear sin faoi bhráid an Aire i mí na Nollag. Ansin céard a tharlóidh?
  2. An mbeidh sé reidh le tús a chur le feidhmiú an phlean ar 1 Eanáir 2009?
  3. An mbeidh buiséad aige chuige ón Roinn Airgeadais, ag cur san áireamh go mbeidh a chuid allúntais don bhliain curtha ar leataobh do sa Bhuiséad ag tús mí na Nollag?
  4. Cé a chuirfidh an plean i bhfeidhm?
  5. Mura gcuirtear i bhfeidhm an phlean, an bhfuil spás ar an seilf ann do in aice leis na pleananna eile ar fad a dréachtadh chun an Ghaeilge a tharrtháil – pleananna nár cuireadh i bhfeidhm ach an oiread?
  6. Ag an am chéanna is atá an proiseas seo ag dul ar aghaidh, tá cinniúnt na Gaeltachta á mheá ag Coiste Comhaireachta maidir le Todhchaí na Gaeltachta faoi chathaoirleacht an Taoisigh (le ceapadh), an tUasal Brian O Comhainn. An bhfuil sé i gceist go bpósfaí an dá phlean ar a cheile am ar bith? Agus cén fath go bhfuil siad scartha ag an bpointe seo fiú?
  7. Níl ach cúig chruinniú phoiblí dá eagrú faoi seo agus ón slua a bhí i gCorcaigh oíche Dé Cheadaoin, tá an dealramh ar an scéal gur slua áitiúil atá i gceist i rith an ama. Cén fath nach bhfuil ach dornán cruinnithe á reachtáil – Sligeach, Luimneach, Gaillimh, Baile Atha Cliath le teacht – nach mbeadh sé nios fearr cruinnithe a reachtáil i ngach ceantar (an oirdheisceart – Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Lairge go léir fagtha as an áireamh) agus san oirthuaisceart (agus ní ag caint ar an Mhí nó an Lú atáim ach ar Bhéal Feirste – iad uilig fagtha as an áireamh. Fiú mura bhfuil dlínse ag an bPlean seo ó thuaidh, is ceist uile oileanda í ceist na Gaeilge, mar a léiríonn Foras na Gaeilge dúinn, de bhrí go bhfuil an Fhoras ann mar eagras tras teorainn fiú mura bhfuil sé eifeachtach mar fhoras?
  8. Cá raibh Nuacht TG4 ar an oíche? Foinse?   An é go bhfuil sé fíor go raibh an dá mheán cumarsáide stat urraithe seo ar iarraidh agus an t-aon meán neamhspleach Ghaeilge abalta bheith i láthair chun an ocáid tabhachtach seo, d’fhéadfaí a rá, a thuairisciú?

2 thuairim ar “Ceisteanna, ceisteanna

  1. séamus Mac Seáin

    maith thú a Choncubhair,
    as an chur síos beo sin a thabhairt dúinn ar an chomhdháil mhór i mBaile an Róistigh, éacht mhór i dteanga ar bith gan dabht.maidir leis an Phlean is déanaí de chuid an rialtais ó dheas is dóiche go gcaithfidh muid a bheith dóchasach go dtiocfaidh rud éigin as ach mheabhróinn do bhur léitheoirí “an tuarascáil chum aithbheochana na Gaeilge”, a héisíodh i 1963 measaim, agus a raibh moltaí den scoth inntí ach nar cuireadh i bhfeidhm ariamh iad.Níor mhisde cóip de sin a bhaint anuas ó cibé seilf ar a bhfuil sé,an deannach a bhaint dí agus gníomhú dá réir láithreach.Is cinnte nach dtiocfadh leis an phlean nua seo a bheith nios fearr. Mar a dúirt an té a dúirt ” na habair é déan é”

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Mar a dúirt an té a dúirt ” na habair é déan é”
    Nach tú féin a dúirt sin riamh anall!

    Luadh na pleananna a cumadh i 1963 – bhí bean amháín a bhí ag an gcruinniú sin lena h-athair. Dúirt sí ná raibh ach aon plean amháin de dhith – beatha teanga í a labhairt. Sin é an tús phointe pé scéal é.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s