Bertie an Ard Mhéara

Ag lorg \'start\' úr - George Bush agus Bertie Ahern

Tá go leor cainte déanta go dtí seo ar an rud a dhéanfaidh Bertie Ahern nuair a eireoidh sé as oifig an tseachtain seo chughainn. Glacaim leis go mbeidh saoire i gceist agus cúpla oráid phoiblí ar fuaid an domhain – ní fheadar cén chostas a bheidh air teacht chun cainte ag Institiúid na gCúntasóirí Cánach mar shampla?

Ach nuair a bheidh an camchuairt oráidíochta thart, fán am sin ba cheart go mbeadh dul chun cinn déanta maidir leis an reachtaíocht nua faoi rialtas áitiúil, reachtaiocht a thugann an deis do mhuintir BhAC, Corcaigh agus eile a gcéad saorannaigh a thoghadh go díreach?

An bhfuil aon seans go mbeidh sé trathúil agus áisiúil, nó fiú go mbeadh speis aige ann, do Bhertie dul chun tosaigh ar son FF don toghchán sin?

Is féidir liom a shamhlú cé eile a bheadh sa rás – Lucinda Creighton ar son FF Fine Gael, Mary Lou le h-aghaidh SF, Patricia McKenna ar son na nGlasach (mura gcuireann siad scian inti ar dtúis) agus Joe Higgins ar son an Pháirtí Shoisalaigh. Níl fhios agam an mbeadh aon PD san iomaiocht ach is dócha go mbeadh leitheidí Dustin ann fosta…

Cad é bhúr mbarúil? Agus an mbeadh aon smaoineamh agaibh do phearsaí a bheadh ina méaraí maithe ar chathracha Chorcaí, na Gaillimhe, Bhéal Feirste, Luimní, Phort Lairge, Chill Chainnigh?

An mbeadhna toghcháin chomh speisiúil – is chomh nimhneach – le toghcháin do Mhéaracht Londain?

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s