Cúig Mholadh Éasca III

Anocht in Ostán Bhaile an Róistigh a reachtáilfear an chéad chruinniú i sraith de chruinnithe chomhairliúcháin ag lorg tuairimí ón bpobal le cur sa phleán atá á ullmhú, más fíor, ag an Rialtas chun ‘tír dhá theangach’ a bhaint amach faoi 2028, de reir an ráitis a fhograíodh i mí na Nollag 2006. 

Tá tagairt déanta agam do seo ar theachtaireacht eile ach is cinnte gurb é ceann de na fadbhanna is fad bhunaithe sa Stat go bhfuil easpa mhór téacsleabhair Ghaeilge sa scoileanna, idir bunscoileanna agus meanscoileanna Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

An rud a chaithfear a dhéanamh gan a thuilleadh moille scéim a bhunú chun achmhainní oideachais a chur ar fáil do na scoileanna atá ag saothrú go dian i ngoirt na Gaeilge is na Gaeltachta. 

In áit bheith ag iarraidh teacht suas leis an earnáil Bhéarla, ní mór beartú anois chun go mbeidh earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta chun tosaigh.  An bealach a tharlódh seo go mbeadh ollshuíomh idirlíne ann le gach cineal achmhaine oideachais i nGaeilge le h-aghaidh na scoileanna seo.  Leaganacha Ghaeilge de na téacsleabhair, achmhainí le h-aghaidh ‘cláracha báin’ agus, le cois sin, cluichí riomhaireachta le brí oideachasúil.  

Le go n-oibreodh seo ba cheart go mbeadh fearas riomhaireachta den scoth i ngach scoil.  Creidim féin go bhféadfaí tús a chur le scéim phíolótach le go mbeadh riomhaire glúine ag gach dalta i scoil Gaeltachta agus Gaelscoile.  Ba cheart go mbeadh a leitheid ag gach dalta sa tír – sílim gur mhol Fine Gael é seo roimhe – ach má tá seo le tarlú, ba cheart scéim píolótach bheith ann agus gur cheart go mbeadh an scéim seo sa Ghaeltacht.  

Le go n-oibreodh seo ba cheart go mbeadh córas leathanbhanda maith i ngach mball den tír.  Ach seo rudaí atá de dhíth ar aon nós – mar sin ní bheadh aon chostas breise ag baint leis an moladh atá agamsa sa mhéid sin.  Agus tá gá leis an achmhainn idirlíon freisin – ach níl á mholadh agam ach go mbeadh an leagan Ghaeilge ann ar dtúis.  Bheadh sé go deas, nach mbeadh, dá mbeadh an leagan sa chéad teanga oifigiúil sa chéad áit don chéad uair….

3 thuairim ar “Cúig Mholadh Éasca III

  1. séamus Mac Seáin

    mar dhuine a d’fhoghlaim léamh agus scríobh ar scoil agus gan againn ach sclata agus cailc tá mé go mór in amhras faoin teicneolaíocht nua mar áis le bun scileanna a fhoghlaim do pháistí óga.Tá múinteoirí den scoth de dhith orainn sa tír seo agus ó thaobh na Gaeilge de caithfear iad a oiliúint ag coláste oiliúna do mhúinteoirí atá díríthe ar an Ghaeilge ach go hairithe ( Coláiste Gobnatáin?) sa bhreis ar sin ma,s fúinn an Ghaeilge a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile sa Ghaeltacht féin caithfear cúram lae a chur ar fáil do naíanna ó aois 6 mí ar aghaidh go frid an teanga.Is féidir gur iú na pointí sin a thógáil i mBaile An Róistigh ach seachain an poc ar buille

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tuigim an drogall a bhionn ar dhaoine roimh an teicneolaíocht. Ach an brí atá leis an moladh seo an moill fada agus an chostas a d’eascródh as geallúint anois na leabhair a chur ar fáil. Ní mór a thabhairt chun cuimhne, anuas ar sin, nach bhfuil aos óg na linne seo chomh drogallach céanna i leith na teicneolaíochta. Tá mo mhac féin beagnach cúig bhliain d’aois – ach is saineolaí é ar úsáid na h-idirlíne theana féin. Bionn sé á úsáid le teacht ar Lego!

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    is é iniúlacht na ndaoiní óga ar úsáid na teicneolaíochta úire an deacracht dar liom. Imreóidh siad cluichí ach ní léighfidh siad a dhath.Tá deacrachtaí móra léamh agus scríobh i gcuid mhór scoileanna má’s fíor ach is beag teach i nÉirinn nach bhfuil ríomhaire ann.Cád chuige mar sin nach bhfuil feabhas ar chúrsaí seachas a mhalairt?.Ag leibhéil na bunscoile ní shílim go bhfuil easpa mór leabhra ann bíodh a’s go bhfuil sé fíor sna hiarbhunscoileanna.Níl mé ag moladh dul siar go dtí sclata agus píosa cailce mo óige ach sna sean laetheanta is beag duine a d’fhag an bhunscoil ar a raibh mise gan léamh agus scríobh acu agus gan ag na múinteoirí ach an chuid a ba lú de áiseanna.Bun siolabas múinte go maith an freagar dar liom agus foghlamóidh siad na rudaí breise ón teicneolaíocht nua in am tratha.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s