Bhí Comhdháil Mór i mBaile an Róistigh

Seo iarracht ar bhlagadóireacht bheo, mo chéad iarracht ar a leitheid.  Táim i láthair ag cruinniú poiblí atá á reachtáil ag an Roinn Ghnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta le dul i gcomhairle leis an bpobal faoi phlean atá le cumadh chun an Ráiteas a fhíorú.   

Cruinniú tosnaithe – agus Seán  O Laighin ón Roinn ag tabhairt léargas ar an méid atá déanta go dtí seo, nach mór 18 mhí ón am a fhograíodh an ráiteas ar 20 Nollaig, 2006.   On méid atá ráite go dtí seo, is cosúil go bhfuil sé i gceist ‘caipéis criochnaithe’ a chur faoi bhráid an Rialtais ‘faoi dheireadh na bliana’ agus go ndéanfaidh siad san measúnú air sin agus uair eigean ina dhiaidh sin, i 2009/10/11, cá bhfios, beidh an plean ag teacht uatha….

Alan Titley, Ollamh le Gaeilge ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh, atá sa chathaoir.  Sa chéad áit is í an earnáil oideachais atá faoi chaibidil:

  • Tomás Mac Gearailt ag moladh go mbeadh bainisteoirí lán aimseartha i mbun Gaelscoileanna. 
  • Fear ó Chloch na Caoilte ag moladh ‘Easy Irish On The Buses’ – is é sin go mbeadh ranganna Ghaeilge á chraoladh agus daoine ag taisteal ar bhusanna CIE.   Ba mhaith leis go n-ainmneofaí Mí na Márta mar mhí na Gaeilge.  
  • An Dochtúir Ciarán O Donnbháin ag moladh go mbeadh imeachtai tar éis scoile ann trí Ghaeilge.  Dúirt sé freisin go mbeadh gá le Daidí na Nollag le Gaeilge i gCorcaigh.
  • Adrian Breathnach ag moladh réabhlóide – cén fath go bhfuil an chaint sa ráiteas Rialtais ar pholasaithe ar pholasaithe a theip le 80 bliain ó shin. Réabhlóid atá de dhíth – go mbeadh gach ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge i ngach bunscoil faoi cheann 40 bliain.  An bhfuil sin indéanta?
  • Roibeard O hUrdail ag léiriú imní gur ionann ‘Easy Irish’ agus ‘Pidgin Irish’.
  • Dónall O Murchú – Comhar na Múinteoirí Gaeilge.  Ualach litríochta ag an Ard Teist an trom.  Sa Fhrainncís, sa Ghearmáinis agus eile tá an béim ar chumarsáid.  

Na h-ealaíona

  • Dramaí Ghaeilge á choinneáil ó Amharclann na Mainistreach.
  • Gan leirmheasanna ar shaothair ealaíona Ghaeilge ar RTÉ. 

Na Meáin Cumaráide

  • Féach Cúig Mholadh Easca I
  • Cén fath go mbionn láithreoirí RTÉ ábalta teacht i láthair i nGaeilge le linn Seachtain na Gaeilge agus nach féidir leo í a labhairt an 50 seachtain eile den bhliain? 
  • Uair a chloig i nGaeilge gach lá ar staisiúin raidio áitiúla. 
  • Spreagadh cánach a thabhairt do chomhlachtaí an Ghaeilge a úsáid i bhfógraí nuachtáin agus teilifíse.
  • Gnath Ghaeilge a úsáid sna meáín cumarsáide.
Gnó agus Tráchtáil
  • An Ghaeilge beo ar feadh na mblianta ar iascaireacht/feirmeoireacht – anois tá an Ghaeilge le beathú i réimsí eile. 
  • Níos lú maorláithis ag teastáíl chun deontais a fháil chun gnóanna a bhunú.  Obair tionsclaíochta an Udaráis a thabhairt ar láimh go dtí Enterprise Ireland – Tomás Mac Gearailt, Bard na nGleann.
  • Liúntas cánach do lucht gnó níos mó úsáide a bhaint as an Gaeilge agus níos mó seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil. 
  • Moladh do Phádraig O Cuanacháin, ar dheis Dé go raibh a anam, as ucht an méid a rinne sé ar son na Gaeilge. 
  • Pól Ruiséal, Ionad na Gaeilge Labhartha:  An suim léirithe i gcúrsaí Ghaeilge do lucht gnó ag an tIonad. 
Stadas na Gaeilge
  • Pleanáil Teanga a bheith i gceartlár an phroisis phleanála sa tír agus daonra na tíre ag dul i méid, de reir gach tuar. 
  • Ionaid buail isteach i ngach baile le  h-aghaidh an Ghaeilge a spreagadh.   An Ghaeilge bheith in áit larnach i mbailte nua atá le togáil.
  • Riachtanas teanga Ollscoil na hÉireann a choinneáil slán.
  • An Post ag athrú seoltaí ar litreacha go Béarla.
Ginearálta
  • Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste
  • “Smart kids don’t do honours Irish – they do pass Irish and count six honours.”
  • Paipéar II is a head wrecker
  • Moladh ag dul do Des Bishop, Brian Cowen agus eile. 
  • An Ghaeilge as a riocht le na teangacha eile. Ualú níos cothroime ar na scileanna éagsúla – léamh, scríobh, labhairt, éisteacht.  Sceannairt á dhéanamh ar an gcluas thuiscint.  An bhfuil bonn eolaíoch le Imlitir 0042/07?  Cé chuathas i gcomhairle leo? 
  • Stadas na Gaeile níos aírde ná riamh – ní h-ionann sin agus an Ghaeilge a bheith á labhairt níos mó ná riamh. 
  • Deja vú arís.  40 bliain ó shin ag cruinnithe mar seo roimhe – an mbeidh aon toradh ar an sraith cruinnithe seo nó ní raibh aon toradh ar na gcruinnithe sna 60í?
  • Tinreamh Aifreann Ghaeilge chathair Chorcaí an iseal.  Deineadh iarracht deireadh a chur leis anuraidh.  Aifreann 10rn ag Eaglais Naomh Peadar agus Pól gach Domhnach.  Bí ann. 
  • Eamon Lankford – níl múinteoirí i meanscoileanna ag labhairt a dhothain Gaeilge le daltaí mar níl Gaeilge a dhothain acu. Oiliúint de dhíth orthu. Spriocanna ag ollscoileanna. 
  • Aras na Díge le h-athnuachan.  

2 thuairim ar “Bhí Comhdháil Mór i mBaile an Róistigh

  1. Fearn

    Molaim d’iarrachtsa.
    agus is díol spéise na tagairtí a léamh.

    maidir liom fhéin, níl fios tarrtháil teanga agam

    Freagra
  2. Ping: Ní cloíte go clóite: Deireadh ré don nuachtán phaipéir « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s