Bertie an Chnoic

An Taoiseach, Bertie Ahern, i Washington n�os luaithe inniu

Sin é mar sin.  Slán le Bertie.  Bhuel, geall leis.  Nó an tseachtain seo chughainn beidh sé ag cur fáilte roimh an tUrramach Ian Paisley go láthair Cath na Bóinne agus, an trathnóna sin, ag tabhairt aghaidh ar Aras an Uachtaráin chun séala na h-oifige a thabhairt ar ais.   An maidin dar gcionn, agus tá creidiúint mhór ag dul do as seo, sílim, beidh sé ag tabhairt chuairt ar Chnoc An Arbhair le h-omós a léiriú do laochra 1916. 

Ní raibh morán Ghaeilge in oráid an Taoisigh ag Cnoc an Chapitol, is cinnte.  ‘Ar dheis Dé’ amháin agus ‘go raibh maith agaibh’ ag an deireadh.  Ní bheimís ag súil le níos mó.  Ní h-aon Ghaeilgeoir mhór é Bertie.  B’fheidir anois go gcuirfidh sé an dua ar féin snás a chur uirthi agus é ar saoire, b’fheidir, i mBaile an Fheirtéaraigh….

An oráid féin, bhí sé mar a bheithfeá ag súil leis.  Ní raibh rud ar bith ná raibh ráite roimhe ráite inniu[Dé Chéadaoin] ach bhí cuid is mó den méid a dúradh ábharach agus substaintiúil. 

An mbainfidh lucht na n-inimirceach, na teifigh eacnamaíochta a theith ón dtír seo sna 80í agus sna 90í, an mbainfidh siad aon buntaiste nó leas as an meid a duirt Bertie, agus é ag lorg socrú speisialta, shamhlaíos, le gligint don dream atá mídhleathach (ar iarr aon dream inimircigh go Meirceá cead ó na dúchasaigh a bhí ann rompu agus mura d’iarr an gciallaíonn sin go bhfuil gach éinne a tháinig ó ré na Pilgrim Fathers ‘mídhleathach’?

Mhothaigh mé freisin go raibh RTE agus a leitheid ag iarraidh amadán a dheanamh de tre bheith ag déanamh comparáide idir é agus leitheidí Martin Luther King agus JFK, le pacáistí craoltóireachta dá reir ar Pat Kenny agus Ryan Tubridy ar an gCéadaoin.  Ní h-aon MLK nó JFK é Bertie Ahern – ní docha gur chreid sé féin amhlaidh riamh ach an oiread. 

Ach tá dream tímpeall ar Bhertie – ar nós an dream a bhí timpeall an Impire ná raibh aon éadaí á chaitheamh aige – agus bionn siad á lionadh le ‘noiseans’.  I bhfirinne mhothaigh mé go raibh sé cineal tragóideach go raibh an focal dheireannach ar ardán mhór – an uair dheireannach go gcraolfar a leitheid beo ar aon nós – i dTeach Comhdhála Mheiriceá seachas sa bhaile in Éirinn.  

Agus shíl mé ná raibh sé de cheart ag Bertie an ardán iasachta seo a usáid le h-aghaidh an cás a dhéanamh ar son Chonradh Liospóín.  Bíodh Ard Fheis aige sa bhaile chun a leitheid a dhéanamh.  Ar ndóigh, beidh sé speisiúil a fheiceáíl cé acu an mbeidh deis ag duine den lucht ‘Ní hea’ tuarisiciú den chineal céanna a fháil ar oráid ina luann sé/sí a naimhdeas don Chonradh seo.   

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s