Ré na hIar Ghaeltachta

 

Ba spreagúil an chaint a craoladh ar sheó Mhairtín Mhic Dhonnchadha ar RTÉ RnaG ar maidin, oráid a thug an chraoltóír féin faoi Ghaeltachtaí Mhaigh Eo agus a thuiscint ar a gcás.    Dar leis gur miorúilt a bheidh ann má bhionn an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail i gcodanna do Mhaigh Eo i gceann deich mbliana, gur in ainneoin an Stat a tharlóidh sé agus gur de bharr seasmhacht na dteaghlach ansin seachas aon ní eile. 

Beidh an chaint ar fad ar fáíl mar phodchraoladh ar ball anseo.  B’fhiú eisteacht leis.   Chuala mé roinnt dá raibh le rá ag an gcraoltóir – agus d’aontaigh mé le cuid mhaith de.   Nach aisteach, mar shampla, go mbeadh daoine ag súil le h-aos óg na Gaeltachta bheith ag labhairt i nGaeilge 80+ bhliain tar éis bunú an Stait agus d’iachall orthu staidéar a dhéanamh ar théacsleabhair Bhéarla?  Conas go bhfuil na milliún Euro á chaitheamh ar aistriucháin go Gaeilge de théacsanna nach léitear i mBéarla nó i dteanga ar bith eile de chuid an Aontais a bhuí do Stadas, nó ar aistriúcháín Ghaeilge de thuarascáil bhliantúil Chóras Iompair Eireann seachas ar na téacsleabhair céanna atá éileamh orthu?     Dá mbeadh an saol cothrom bheadh an dhá rud ar fáil – ach féach go bhfuil idir báta agus cairéad á úsáid le cinntiú go mbeidh an leagan Ghaeilge de thuarascáíl CIE ar fáil ach tá daltai na Gaeltachta – agus na Gaelscolaíochta – fós ag iarraidh ciall a bhaint as leabhair Bhéarla le h-ullmhú dá scruduithe is eile. 

B’é an pointe ba láidre a bhí ag Mac Donnchadha gur cheart go dtuigfeadh an dream óg go raibh sé nadúrtha – ní h-ionann sin agus ‘cúl’ nó ‘gnéasúil’ – an Ghaeilge a labhairt.    Maith thú a Mhairtín!

Bhí an scéal seo ar phríomh leathnach Lá Nua inniu freisin.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s