Baile na dTri nAinmneacha – An Daingean agus Dingle/Daingean úi[sic] Chúis

An Daingean
Geilleadh do na dúramáin inniu [Dé Máirt] sa Daingean nuair a chinn an Aire Comhshaoil John Gormley an ordú a deineadh maidir le h-ainm an bhaile bheith i nGaeilge amháin ar chómharthaí bóithre a athrú go dtí an leagan macarónach mílitrithe, Daingean úi [sic] Chúis.  Más cuimhin libh b’é an leagan seo a votáil tromlach mhór muintir an Daingin ar a shon i 2005 – sea, tá sé chomh fada sin ó shin.   Cás eile é seo den aineolas ag fáil an lámh in uachtar.  

Ag éisteacht le hAdhmhaidin ar maidin, is cosúil go bhfuil an dá thaobh sásta leis an moladh atá déanta ag an Aire Gomley. Níl sé soiléir chomh fada agus a bhaineann sé le Todhchaí na Gaeltachta de cén cur i láthair a dheinfear ar ainm an bhaile ar chomharthaí bóithre taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá siad sásta gur i nGaeilge i nGaoluinn amháin a chuirfear i láthair é ar chomharthai taobh istigh den Ghaeltacht. 

Dar le Joe O’Toole, seanadóir ildánach Dingle/Daingean úi [sic] Chúis, is é seo léiriú den daonláthas áitiúil ag obair – agus táím ar shon an dhaonláíthis áitiúil.  An rud ar shíl me bheith suarach faoi fheachtas ‘Dingle/Daingean úi[sic] Chúis’ an slí ar mheall siad breaill na meáín Bhéarla le tacú leo go h-aineolach maslach.  Cé mhéid uair a chuala sibh ‘Taliban’ á thabhairt ar an dream a bhí in éadan Dingle/Daingean úi[sic] Chúis? Dá n-úsáidfí a leitheid sin de théarmaíocht ag cur síos ar dhream ar bith eile sa tír, bheadh míle murdair ann.   Ach tá cead, is cosúil, de reir cód aonteangach eiticí phreas na tíre, rud ar bith a thabhairt ar phobal na Gaeilge.   

Aon tuairim amháin ar “Baile na dTri nAinmneacha – An Daingean agus Dingle/Daingean úi[sic] Chúis

  1. Fearn

    Bhí an ceart ag an fear a dúirt go raibh amhrán ann:
    Dingle,Daingean,Daingean Uí Chúis; So good they named it trice.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s