Cúig Mholadh Éasca

 

Béarla is cosúil an chéad teanga oifigiúil a bheidh againn faoi 2028 - ach beidh an Ghaeilge againn má roghna�mid �?

An tseachtain seo, tá sé fógartha, cuirfear tús le sraith cruinnithe ina mbeidh cuireadh ag an bpobal a dtuairimí a thabhairt le cur san áireamh le h-aghaidh an phlean chun tír dhá theangach (Gaeilge agus ?) a dhéanamh d’Éirinn faoi 2028. 

Tá an t-eolas ar fad faoi na cruinnithe seo le fáil ar shuíomh idirlíne speisialta ach le cúnamh Dé beadsa i láthair ag Ostán Bhaile an Róistigh Dé Chéadaoin ag 7.30in nuair a bheidh an chéad chruinniú sa sraith ann.  Chuir sé íontas orm, áfach, gur cosúil gurb í an Bhéarla an chéad teanga ar an suíomh, http://www.plean2028.ie, agus go raibh ort leagan Ghaeilge a lorg den suíomh ina dhiaidh sin.  Nó b’fhéidir nár chuir sé íontas dá laghad orm….  Thóg sé ceist liom:  An é gurb é bun theachtaireacht an plean seo atá bunaithe ar Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge, ráiteas a fhoilsíodh ar 20 Nollag 2006, agus gurb é seo an céad toradh feiceálach poiblí air, an é bun teachtaireacht an phlean seo go mbeidh an Bhéarla á mbrú ar an bpobal ar fad mar an gcéad teanga oifigiúil agus go mbeidh an Ghaeilge mar rogha ina dhiaidh sin?  An bhfuil sé sin sasúil? 

An tseachtain seo táim chun cúig mholadh a chur in bhúr láthair, ceann gach lá idir seo agus an Aoine.   Beidh sé d’aidhm ag na moltaí seo bealaí phraicticiúla leis an Ghaeilge a chur i mbéal an phobail a aimsiú gan aon chostas breise, nó gan morán chostas breise ar a laghad, a bheith ar aon dream dá  bharr.  Go deimhin d’fhéadfadh siad airgead a shábháíl ar an Stat, cuid acu.

Tá deireadh leis an dá shraith náísiúnta anois – agus iad ag ceiliúradh i dTiobrad Arann agus i nDoire a mbuanna san iomáint agus sa pheil faoi sheach sara dtosnaíonn na Craobh Chomórtais Uile Éireann i gceann coicíse nó mar sin.  Ar 24 Bealtaine beidh Cúige Mumhan ag imirt in éadan Toulouse i Staid na Mílaoise i gCaerdydd. Beidh foirne na hÉireann sa sacar agus i rugbaí ag imirt cluichí dúshláín le linn an tSamhraidh agus, ar ndóigh, beidh na Cluichí OIlimpeacha i mBéising roimh dheireadh an tSamhraidh.

Tá deis ag an Aire Cumarsáid beart a dhéanamh don Ghaeilge a thabharfaidh go libhéal eile úsáid na teanga LAITHREACH.   Is féidir leis rialú a dhéanamh i dtaobh gach imeacht atá ar an liosta d’imeachtaí spóírt atá d’iachaill orthu iad a bheith ar fáil ‘saor go h-aer’ go gcaithfear na h-imeachtaí sin a bheith ar fáíl beo ar an dteilifís sa dhá theanga oifigiúíl náisiúnta.  Dá mba mhaith leis an Aire, Eamon Ryan, rud éigean a dhéanamh sa bhreis ar sin, arís gan chostas ar aon duine, d’fhéadfadh sé a rá le RTÉ nó cibé dream go bhfuil na cearta acu do na h-imeachtaí éagsúla, go bhfuil na cearta Ghaeilge á mbronnadh aige ar TG4, staisiún atá cruthaithe acu lena dtuairisciú cumasach spóirt, go bhfuil siad i ndán don dúshlán seo. 

Má tá cearta Ghaeilge ar fáíl le h-aghaidh Wimbledon agus Le Tour, níl aon chúis nach mbéidís ar fáil le h-aghaidh Cluichí Ceannais Peile agus Iomána na hÉireann.  Cheapfá.   

Bhúr mbarúil le bhúr dtoil….

 

6 thuairim ar “Cúig Mholadh Éasca

  1. Cathal Ó Foirréidh

    Hi Concubhar,

    Mise atá freagrach as plean2028.ie a chur le chéile.

    Tá sé socraithe go bhfeiceann daoine an leagan Gaeilge má théann siad díreach chuig plean2028.ie, ach go bhfeiceann siad an leagan Béarla má chuireann siad isteach plan2028.ie (an seoladh atá ar na preasráiteasí atá i mBéarla.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    smaoineamh maith praicticiúil is ea é na cluichí a beith ar fáil i nGaeilge. Nuair a bhíodh na cluichí rugbaí ar TG4 bhíodh lucht féachana nach beag acu i measc an dhá phobal ó thuaidh.Nach mbeadh sé sin ag teacht le mianta Socrú Chill Rimhínn?

    Freagra
  3. aonghus

    Cé nach fear spóirt mé, aontaíom leis an moladh seo.

    Tá ciall leis. Ach seans go meallfaí na meáin lasmuigh den gheiteo gaelach breis gaeilge a úsáid dá mbeadh buntáiste tráchtála le breith as.

    Ba cheart an moladh a chuir díreach faoi bhráid an aire, agus an coiste cuí oireachtais.

    Freagra
  4. aonghus

    “Tá sé socraithe go bhfeiceann daoine an leagan Gaeilge má théann siad díreach chuig plean2028.ie”

    Maith sibh, a Chathail. Sin scothchleachtas idirlín!

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Maith thú a Chathail – tá áthas orm go bhfuil sibh ar an airdeal. Mar is léir ón phictiúir bhí lúb ar lár ann agus táim sasta go bhfuil sin curtha sa cheart anois.

    Freagra
  6. Ping: Bhí Comhdháil Mór i mBaile an Róistigh « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s