An Crann – Dráma na bliana

 

Ní minic a théim go dráma le déanaí.  Go deimhin ní minic a théim amach go h-imeacht chultúrtha las muigh den teach d’aon tsort.  Siontam é an easnamh seo gur beag an rud a bhéarfaidh aon fear – nó bean – le teaghlach paistí amach as an dteach de bharr costaisí gogamántachta agus deacrachtaí eile a bhaineann leis an ‘oíche amuigh’. 

Ach mura mbeadh an deis agam dul taobh amuigh den doras arís i mbliana, bhéinn sásta chomh fada is go raibh sé de phribhléid agam freastal ar oíche dramaíochta den chéad scoth in Ionad Chultúrtha Bhaile Bhuirne i gContae ChorcaÍ Dé hAoine.

Céad leiriú a bhí ann.  Dráma nua ó pheann neamh choitianta Liam O Muirthille, file, iriseoir agus dramadóir a thug ar an saol roimhe seo saothair ildánacha ar nós ‘An Tine Chnámh’ agus ‘Fear an Tae’. 

Chonac an dhá dhráma sin agus bhain mé sult astu.  Ach bhain mé an taitneamh ar fad go deo as an dráma nua seo – An Crann.  Dráma é ina raibh crann ag a lár ach bhí an crann agus an choill inar fhas sí faoi bhagairt ó lucht ‘forbartha’.  Dráma mar sin a bhí abharthach do saol na linne seo, trath go bhfuil Teamhair na Rí féin faoi bhagairt ó lucht forbartha. 

Beidh an dráma le feiscint ag an bhFéile Náisiúnta Dramaíochta i Luimneach an deireadh seachtaine seo chughainn. Tá sé le bheith ar an ardán oíche Dé hAoine ag 8.30in in Amharclann an Belltable.  Má tá tú i Luimneach nó gar do, ná caill an dráma seo.   Agus má tá tú i Luimneach fán thart ar son roinnt dramaí eile, leagan Ghaeilge de ‘The Odd Couple’ atá á léiriú ag Aisteoiri Bhréanainn agus saothar nua ó pheann Aodh O Domhnaill, An Campa, a bheidh á staitsiú ag Aisteoirí Bulfin. 

Ach, oiche Dé hAoine, b’é Baile Bhuirne príomh ionad an chultúir Ghaelaí, nó is dócha gurb é an t-aon áit sa tír go raibh dráma Ghaeilge ar ardán ann. 

Agus a leitheid de dhráma a léiríodh.  Bhí idir greann agus uafás, ceol agus filíocht, doimhneas agus spraoi ann gur dheacair gan bheith ar do shástacht. Thóg sé céisteanna faoin meas a bhí againn ar ár ndúlra, ar ár gcomhdhaoine, orainn féin.  Ní píosa símplí amharclannaíochta a bhí ann – ach ag an am chéanna, bhí rian mhaistriúil Liam Uí Mhathúna le braistint ann, a fheabhas is a tháinig na h-eilimíntí ar fad le chéile an dhá uair a mhair an dráma, idir aisteoireacht foirne, idir ceol agus greann, idir soilsiú, seit agus staitsíocht. 

Ní scaoilfidh mé aon rún faoin scéal – ach déirfidh mé an méid seo.  Tá ardán náisiúnta tuillte ag an dráma seo.  Is é seo an cineal dráma ar cheart a chur i láthair Amharclann na Mainistreach le cur ina luí ar an amharclann náisiúnta dráma sa teanga náisiúnta ‘eile’ a léiriú ar an ardán roimh dheireadh na bliana seo. 

Nuair a deirim gurb é seo dráma na bliana, dar liom, ní le droch mheas é sin don saothar úr ó Joe Steve O Neachtain, Faoi Dheireadh Thiar.  Nara fada go mbeidh deis agam an dráma brea sin, atá go leor dea thuairiscí léite agus cloiste agam ina thaobh, a fheiceáil i ndeisceart na tíre!

Liam O Muirthille, údar An Crann, ag glacadh le Gradam na hAmharclanna�ochta ón gComhlachas Náisiúnta Drama�ochta ag an gcéad léiriú


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s