Dia, polataíocht agus SAM

Tá an t-Urramach Jeremiah Wright i mbéal an phobail le cúpla mí anuas.  Is ar eaglais Wright a théann Barack Obama lena chlann gach Domhnach nó, is cirte a rá, gur Eaglais Wright a théidís gach Domhnach.

Tá fócas ar Wright de bharr an méid atá ráite aige ina chuid searmóíntí.  Mar shampla ar 16 Meán Fómhair 2001, rinne sé comparáid idir an sléacht a rinne lucht 9/11 ar Nua Eabhrac, Washington agus Pennsylvania, agus an sléacht a rinne SAM ar Hiroshima agus Nagasaki. 

“We bombed Hiroshima, we bombed Nagasaki, and we nuked far more than the thousands in New York and the Pentagon, and we never batted an eye,”

In agallamh atá déanta aige agus atá ar fáil anseo tá sé ráite aige gur cuireadh a ráitis as a riocht sa chiall is ná raibh ann ach ‘soundbites’ ó searmóintí níos faide a thug míniú ar a bhí le rá aige.  Tá leitheidí O’Reilly ar Fox News tar éis bheith ag diriú ar Wright le tamall agus ní raibh aon deacracht ag Hillary Clinton ceisteanna a thogaint faoi ach an oiread.  (Dála an scéil, cad ab ainm don fear eaglasta a tháinig chuig Hillary agus Bill an uair go raibh siad faoi bhrú de bharr an scannaill faoi Monica Lewinsky agus an caidreamh a bhí ag an tUachtarán Clinton “leis an bean sin“. 

Cé eile ach Jeremiah Wright!

Ait an scéal go bhfuil an oiread san bainte ag an gcreideamh leis an bpolataíocht i SAM. Ní fhéadfadh a leitheid tarlú in Éirinn, an bhféadfadh?  

Freagra amháin ar an gceist sin.

Ian Paisley.

 

Aon tuairim amháin ar “Dia, polataíocht agus SAM

  1. aonghus

    Ó tharla gur cuid lárnach den duine é a chreideamh, bheadh sé mí folláin creideamh a scaradh ón bpolaitíocht.

    Tá sé de cheart ag lucht creideamh a smaointe a phlé san plé poiblí. Go deimhin, tá sé de dhualgas orthu.

    Ach tá an dá claíomh ann; ní mór a thabhairt de Caesar na rudaí ar leis iad.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s