An bealach a théann blag i bhfeidhm

Bhí mé ag éisteacht ar maidin le Newstalk – cathain a bheidh a leitheid ar fáil i nGaeilge? – agus chuala mé Lucinda Creighton TD, an t-é a toghadh i sean suiochán Michael McDowell ag caitheamh anuas ar Declan Ganley agus Ulick McEvaddy, beirt fhear gnó mór le rá atá in éadan Chonradh Liospóin.  Dar le Lucinda Creighton, bhí an cheangal idir an bheirt seo agus seirbhisí faisnéise Mheirceá agus ag saothrú go leor dá chomhlachtaí a bhuiochas de chonarthaí ó Roinn Stait Mheircea. 

Tá’n scéal ar fad ar fáil ar Indymedia, áít a dtugtar léargas an doimhin ar na nascanna idir Ganley, McEvaddy agus SAM. Má tá an méid a scriobhtar ansin fíor, is cinnte go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an mbeirt, cad é an fíor údar ar chúl a dtacaíocht don bhFeachtas ‘Níl’. 

Ar maidin inniu, mar a dúirt, bhí an Teachta Creighton le clos ar Newstalk.  Bhí sí, is cosúil, tar éis alt Indymedia a léamh agus seo í anois ag togáil na ceiste thuas.    

Ag eascairt as sin táimse chun ceist a thogáil agus beidh mé ag súil go rachaidh sé i bhfeidhm ar pholaiteoir eigean chun gaoth a chur i seol na ceiste.  Cén fath nach gcuireann an tAire Cumarsáide, Eamon Ryan, ceangal ar chraoltóirí na tíre craoladh a dhéanamh i nGaeilge ar na h-imeachtaí móra spoirt atá ar an liosta go mbeadh siad ar fáil ‘saor go h-aer’?  San áireamh ansin tá cluichí ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint, cluichí idirnáisiúnta na hÉireann i sacar agus i rugbaí (agus i gcruicéad!), rasaí móra. 

 

3 thuairim ar “An bealach a théann blag i bhfeidhm

  1. séamus Mac Seáin

    is cinnte gur fearr craolta spóirt a beith ar fáil i nGaeilge na raidhise mhór de chápéisí dlí.I dtír ar bith eile is príoracht a thabhairfí ar sin ach i nÉirinn is fearr linn na príorachtaí a fhágáil go dtí an deireadh

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    SIn é go díreach. Chuaigh mé ag ceannach diosca mótair chánach an lá deireannach. Rinne mé iarracht ar an leagan Ghaeilge den fhoirm a íoslódáíl ón idirlíon agus ni raibh rath ar sin. Ní raibh sé ar fáil duradh sa leithscéal. Rinne mé íoslódáil ar an leagan Bhéarla. Líon mé an fhoirm i nGaeilge. An t-aon deacracht a bhí ann go raibh focal amháin – dath an ghluaisteáin – ag teastáil. Chuir mé isteach i nGaeilge é – uaine – agus d’aistrigh siad go Béarla é. B’shin an t-aon focal amháin i mBéarla ar an diosca ná raibh aistriú ar fáíl. D’iarr mé an mbeadh sé ar fáil i nGaeilge amach anseo agus dúirt siad go gcuirfí an foirm athnuaite chugham i gceann bliana – i nGaeilge. Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh gearr, ní raibh ansan ach sampla den chineal rud a fhéadfaí a sheachaint go h-éasca ach an tóíl a bheith ann. Is é an cineál eispearas a bhionn againn ar mhaorlathas gach lá – agus líonann sé mé le frustachas.
    An rud a mholaim, sin beartas chun sin a líonadh le rud eigean seachas frustachas agus sinn ag lorg seirbhísí le Gaeilge. Ní thaithníonn sé liom bheith ag líonadh foirmeacha mótar chanach i nGaeilge de bharr, sa deireadh, beidh mé ag ioc airgead leis an stat ar úsáid a bhaint as na bóithre a tógadh le mo chuid cánach ioncaim.
    Caithfear an léargas a athrú ó bhonn – mura bhfuil siad sásta na seirbhisí sin, na seirbhísí atá iachaill orainn ioc astu mar nach bhfuil an rogha againn faoin dlí, ba cheart dinn rudaí a lorg a cheanglódh pleisiúr nó sceitimíní leis an Ghaeilge. Sin a bhí ar bun agam le Lá Nua – sin a bheidh ar bun agam amach anseo. Breis luach na Gaeilge

    Freagra
  3. aonghus

    Is aisteach liom nach bhfuair tú an foirm i nGaeilge.

    De bharr a sloinne a bheith i nGaeilge, rinne an oifig anseo foirm i nGaeilge a thairiscint do mo bhean.

    Ach is dócha nach bhfuil scéim daingnithe acu fós – agus is foras áitiúil ata i gceist, nach ea?

    Tréaslaím do phost nua leat, dála an scéil. Beidh mé ag súil le breis scéalta spleodracha as Musgraí!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s