Lom nocht cois Laoi

Nocht i gCathair Mhexico

Tá sé moch ar maidin.  Tá an ghrian ag eirí agus ag gealú an lae. Tá tú istigh sa chathair mhór.  Tá tú ag fágáil do ghluaistean.  Tá tú i siúl i dtreo lár na cathrach.  Tá daoine eile ag siúl sa treo céanna.  Tá meangadh ar d’aghaidh, nó leath mheangadh b’fheidir.  Tá a fhios ag gach duine cá bhfuil tú ag dul.  Tá a fhios agat cá bhfuil gach duine eile ag dul.  Tá tú tagtha go dtí an áit cruinnithe.  Tá tú ag baint díot do chuid éadaí.  Tá tú lom nocht.   Tá gach duine eile lom nocht freisin.   Tá tú ag rith.  Tá tú ag gairí. Tá tú ag stopadh.  Tá duine eigean ar chrann togála.  Tá sé glacadh grianghraif. 

Cad go díreach atá ag titim amach?  Saothar ealaine de chuid an ghriangrafadora clúití, Spencer Tunick, atá i gceist.   Sa phictiúr thuas tá 18,000 duine, iad ar fad lom nocht, ina luí sa phríomh phlasóg phoiblí i gCathair Mhexico – céard é an amhrán sin arís ‘Má théimid síos go Mexico?

I mí an Mheithimh beidh an t-ealaiontóir ag teacht go hÉireann agus tá sé ag iarraidh insealbhaithe ealaine den tsort céanna a reachtáil i gCorcaigh agus i mBaile Atha Cliath.  Ba cheart go n-eireodh go geal leis.  Ar amharaí an tsaoil, ní bheidh mé féin ann de bharr go bhfuilim ar saoire sa Bhriotáin ag am sin.  Ach táim cinnte go mbeidh go leor Gaeil a ghlacfadh páirt ina leitheid.  Cad faoi gasra chainteoirí Gaeilge a aimsiú a bheadh sásta na cinnlitreacha ‘A-N G-H-A-E-I-L-G-E A-B-U’ a pheinteáil orthu féin le teachtaireacht fíor Ghaelach a chraobh scaoileadh ar fuaid an domhain.  Beidh na griangrafanna sin i go leor nuachtáin an lá dár gcionn…..

Tá daoine ann a bheidh ag rá gur iarracht é seo ag eagarthóir iGaeilge daoine a mhealladh chuig a shuíomh tre dianshaothrú a dhéanamh ar a gclaontaí suaracha agus a ndúil in íomhánna gairsiúla.   Ealaíon atá ann a cháirde…. Bain sult as…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s