An Ghaeilge agus na nua-mheáin

Táim go laidir den tuairim go bhfuil na nua-mheáin in oiriúint don Ghaeilge thar mar atá na meáin traidisiúnta, leitheidí nuachtáin, raidio agus teilifís.   

B’é sin mo bharúil sara thosnaigh mé iGaeilge – ach is léir dom anois é ón am ar seoladh seo, beagán sa bhreis is mí ó shin.   Tá breis is 1,200 cuairt tugtha ar an suíomh.  Ní mór an méid é, b’fheidir i gcomhthéasc na milliúin a thugann cuairt ar an mBBC gach lá, ach is méid súntasach é do bhlag Ghaeilge, creidim. 

Is réimse tearc-fhorbartha é réimse na Gaeilge ar an idirlion.  Cad é bhúr mbarúil ar an meid atá ar iarraidh?  An bhfuil gá le Bebo na Gaeilge, You Tube as Gaeilge, Myspace is uile trí mheán na Gaeilge?   An féidir a dhéanamh – ar ndóigh is féidir?  Cé thabharfaidh faoi? 

Tá a fhios agam go mbeidh forbairt shuntasach nua le fógairt go luath maidir le réimsí seirbhísí idirlíne na Gaeilge – ach tuilleadh faoi sin ar ball.  

Bhúr mbarúil ar an mbealach chun tosaigh le bhúr dtoil….

7 dtuairim ar “An Ghaeilge agus na nua-mheáin

  1. aonghus

    Ón mbun aníos a tógtar na cáisleáin idirlíon.

    Tá mo bhalgsa bunaithe are bunearra bhlogger, ach tá sé gaelaithe agam. (Fáilte roimh aoinne goid uaim – cuirfidh mé html ar fáil)

    Tá a mhacasamhail déanta ag Séamas Poncán le clár plé s’aige ag http://www.scoilgaeilge.org/liosta.

    Feictear dhom go bhfuil a leithéidí ar bun ag daoine eile i youtube, bebo 7 rl – agus is mar sin is fearr, seachas geiteo eile a thógáil.

    Freagra
  2. séamus Mac Seáin

    tá fearn i ndhiaidh a mhéar a chur ar an fhádhb is mó atá ag baint leis na nua mheán, bíodh sé i mbearla na i nGaeilge, an féidir brabach a bhaint as? An bhfuil Blag ar bith ag déanamh airgid? An mbeadh daoine sásta díol as an bhlag seo mar shampla, dá fheabhas é, ar mhaithe lena léamh? Níl an freagar agamsa ach an té a dtiocfadh leis an fhadhb sin a réiteach d’fhéadfadh sé milliúnaí a dhéanamh de féin thar oíche agus an teanga a shabháil chomh maith

    Freagra
  3. aonghus

    Tá blag agamsa.
    Ach is caitheamh aimsire atá ann.

    Tá blaganna ann a ghnóthaíonn airgead ar fhógraíocht, nó a éilíonn deontais. Ach go minic is sochar indíreach atá i gceist don bhlagadóir ó thaobh teacht isteach de, seacha sbrabach díreach as an mblag.

    Ré nua atá ann, le múnlaí gnó nua.

    Samhlóinn go bhfeadfadh leithéidí Conchubhar brabach a bhaint as, tré pobail a chnuasach a chruthódh margadh dá shaothair sna gnáth mheáin, mar atá déanta ag Sarah Carey, abair, a mbíonn leaganacha dá gcuid scribhínnní san Tribune (sílim)

    http://www.sarahcarey.ie/

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Go raibh maith agaibh as bhúr dtuairimí go dtí seo. Faoi láthair nil anseo ach caitheamh aimsire – ni dhéanfar brabhús as go fóill – ach níl aon chostas leis ach an oiread, ach an am a chaitear leis. Feictear domsa nach bhfuil aon meán Ghaeilge ag déanamh brabhúis – tá siad ar fad ag brath ar dheontaisí stait de chineál amháín nó eile.

    A Aonghuis, ba bhrea liom comhairle uait ar conas an bhlag seo a ghaelú níos mó. Tá an jab deanta agat le do smaointe fánacha – nach smaointe fánacha iad ar chorr ar bith.

    Freagra
  5. aonghus

    Ó tharla gur blogger seachas wordpress atá in úsáid agam, níl mé cinnte conas gaelú a chuir chun cinn anseo.

    Ach tá mé cinnte go bhfuil “customise template” nó rud éigin mar sin ar fáil dhuit.

    Má tá, cur íomha den scáileán chugham más féidir, nó an html/xml fhéin agus déanfaidh mé mó dhícheall.

    aonghusoh ag gmail ponc com

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s